Nokia
- Áit san Fhionlainn é Nokia freisin. Féach ar Nokia (cathair).
Ceann de mhórchomhlachtaí ríomhaireachta an domhain é Nokia, agus is sa bhFionlainn atá sé bunaithe. Is ar ghutháin soghluaiste is mó anois atá a cháil, i ré ina dtáirgtear go leor de ghutháin an domhain san Áise. Imeasc a chuid gutháin soghluaiste, tá an 3650, ar a bhfuil sé ar a chumas grianghraif agus físeáin ghearra a thógáil, chomh maith le ceangal idirlín a thógáil ar an aer.
Bunaíodh an comhlacht i 1865, agus bhí baint aige le hobair adhmaid, ansin le rubar níos déanaí. Bhí táirgeadh ríomhairí agus ábhar le cumarsáid ar siúl ag an gcomhlacht ar feadh na mblianta, agus ba ón mbaile Nokia a thóg an comhlacht a ainm. Sna nóchaidí, agus é i ndroch-chúis le fiacha, chuir Nokia an bhéim ar ghutháin soghluaiste agus innealra a bhaineann le córais gutháin soghluaiste. Scar sé le gnónna ríomhaireachta, mar shampla. Ag deireadh 2004, ní raibh tuairiscí gnó Nokia chomh láidir agus a bhíothas ag súil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Fionlainne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |