Díospóid chánach Apple - AE
Cineál | tarlú tax avoidance (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 29 Lúnasa 2016 | |||
Príomhábhar | state aid (en) | |||
Tír | Éire | |||
Baint le limistéar údaráis | Aontas Eorpach | |||
Tá an díospóid chánach Apple - an tAontas Eorpach an t-agra dlí i gcoinne trusta is mór ar domhan riamh. Rialaigh an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2016 go raibh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach tugtha do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.[1]
Tá an cheist fós ina chogadh dearg idir an Coimisiún Eorpach, ar taobh amháin agus Apple agus Éire ar an taobh eile. Tá na himeachtaí dlí ag dul ar aghaidh i gcónaí i láthair na huaire (2023).
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí caidreamh Apple Inc le hÉirinn maidir le cúrsaí cánach á fhiosrú ag an gCoimisiún Eorpach ó Mheán Fómhair 2014, agus scagadh déanta, go háirithe, acu ar mhargaí a rinneadh i 1991 agus 2007.
De réir fiosrúchán a rinne Seanad Stát Aontaithe Mheiriceá in 2013, is ar éigean a d’íoc Apple aon cháin ar $74 billiún thar thréimhse ceithre bliana.[2] Thug an fiosrúchán seo le fios don AE go raibh fadhb ann.
Mhaígh an Coimisiún nár íoc Apple ach 0.005% i gcáin sa bhliain 2014.[3]
2016[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 30 Lúnasa 2016, mhaígh an Coimisiún Eorpach gur dheonaigh Éire sochair chánach míchuí do Apple idir 2003 agus 2014.[4]
Faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair, ba shárú an t-acht um thrádáil cothrom, toisc gur sholáthair rialtas na hÉireann do Apple cúiteamh cánach i bhfad níos ísle a bheith acu. Bhí sé sin mídhleathach toisc gur lig sé do Apple i bhfad níos lú cánach a íoc le hais gnólachtaí eile.
Léirigh fiosrú de chuid an Choimisiúin go raibh 2 chinneadh cánach déanta faoi Apple ag na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn - i 1991 agus i 2007 - agus gurbh é an toradh a bhí orthu "gur laghdaíodh go suntasach agus in aon turas an cháin a d’íoc Apple in Éirinn ó 1991."
Maíodh gur measadh faoina luach an méid cánach a bhí amuigh ar Apple in Éirinn de bharr na rialuithe úd. Ordaíodh don chomhlacht an €13.1 billiún a íoc agus ús €1.2 billiún ar a mhuin. Tá an €13.1 billiún i dtaisce i gcuntas eascró nó go n-eiseofar rialú críochnaitheach nach féidir dul thairis.
2019-2020[cuir in eagar | athraigh foinse]
Lorg Apple agus lorg Rialtas na hÉireann achomharc i gCúirt Ghinearálta an AE agus héistíodh an cás i mhí Meán Fómhair 2019.
Ghlac an Chúirt Ghinearálta lena gcúis sa bhliain 2020.[5] Chuir an Chúirt ar ceal an cinneadh a bhí déanta ag an gCoimisiún go raibh gearríocaíocht €13.1 billiún déanta ag Apple ar an gcáin a bhí le n-íoc acu in Éirinn. Mar sin chuir an Chúirt Ghinearálta rialú an Choimisiúin ar neamhní.
I mhí Meán Fómhair 2020, d’fhógair an Coimisiún nach raibh aon ghlacadh acu leis sin agus lorg siad achomharc.[6]
2023[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 2023, éisteadh achomharc an Choimisiúin Eorpaigh in aghaidh an rialú sa bhliain 2020.[7]
Mhol an t-Ardabhcóide (Giovanni Pitruzzella)[8] gur cheart do Chúirt Bhreithiúnais an AE an breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a chur go leataobh. Mhol sé chomh maith gur chóir an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta an athuair le teacht ar bhreithiúnas nua. Dúirt sé gur rinne an Chúirt Ghinearálta "earráid i ndiaidh earráide sa dlí le teacht ar an mbreithiúnas nach raibh an caighdeán cuí sa dlí bainte amach ag an gCoimisiún nuair a chinn an Coimisiún go gcaithfí cáin a ghearradh in Éirinn ar Apple ar na ceadúnais maoin intleachtúil a bhí ag fochuideachtaí Apple bunaithe in Éirinn agus ar bhrabúis a gineadh ar dhíol tháirgí Apple taobh amuigh de na Stáit Aontaithe." Dá bharr sin a deir an tArdabhcóide is cóir don Chúirt Ghinearálta an cás a tharraingt anuas arís.[6]
Eascró[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mar thoradh ar an rialú a rinne an Coimisiún i 2016, chuir Apple €13 billiún i dtaisce i gcuntas eascró - cuntas sealadach sealbhaíochta tríú páirtí - agus tá an t-airgead sin ann ó shin.[9][10]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-12-21). "Rialú Eorpach faoi chúnamh mídhleathach stáit" (as ga-IE).
- ↑ "Cinneadh déanta ag an Rialtas achomharc a dhéanamh maidir le rialú Apple" (ga-IE). Tuairisc.ie (2016-09-02). Dáta rochtana: 2023-05-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-09-01). "Líomhaintí Tim Cook séanta ag an gCoimisiún Eorpach" (as ga-IE).
- ↑ Aontas Eorpach (2016-06-16). "Stair an Aontais Eorpaigh - 2016" (ga). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2021-08-30.
- ↑ WSJ (9/2020). "[wsj.com/articles/apples-15-billion-tax-battle-resumes-in-europe-11601027571 Apple Faces Prolonged $15 Billion Tax Battle as EU Appeals]". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2023-11-09). "Molta go scrúdódh Cúirt na hEorpa arís bille cánach €13bn Apple" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-23). "Achomharc faoi dhliteanas cánach Apple éiste" (as ga).
- ↑ Ní gá go mbeadh tuairisc ó Ardabhcóide ina cheangal dlí, ach is iondúil go mbíonn tionchar láidir aige ar bhreithiúnas críochnúil na Cúirte Eorpaigh. In imeacht na mblianta tá sé feicthe go dtéann tuairim an Ardabhcóide i bhfeidhm ar an mbreithiúnas clabhsúir in 80% de chásanna.
- ↑ "Cover note for Ireland Apple Escrow Fund 2022 Financial Statements" (en). www.gov.ie (2023-07-05). Dáta rochtana: 2023-11-09.
- ↑ .oireachtas.ie (2022). "Financial Statements". Dáta rochtana: 2023.