Micriríomhaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticMicriríomhaire

Cuir in eagar ar Wikidata

Ríomhaire atá bunaithe ar mhicreaphróiseálaí amháin, le cuimhne agus feistí ionchuir is aschuir. Tháinig a leithéid ar an bhfód sna 1970idí mar ríomhairí deisce, bunaithe ar mhicreaphróiseálaithe 8 ngiotán. Ó shin tháinig micreaphróiseálaithe 16 ghiotán is 32 ghiotán chun cinn le cumas is luas feabhsaithe, a bhí bunúsach do na ríomhairí pearsanta iniompartha atá coitianta anois. Leis na feabhsuithe i bhfeidhmiú na ríomhairí beaga seo, ní aithnítear idirdhealú suntasach idir micriríomhairí is mionríomhairí a thuilleadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Micriríomhaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 456.