Steve Jobs
Jump to navigation
Jump to search
Ba chomh-bhunaitheoir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin Apple é Steven Paul Jobs (24 Feabhra, 1955 - 5 Deireadh Fómhair, 2011[1]).
Ba phríomhoifigeach feidhmiúcháin Pixar é freisin go dtí gur cheannaigh Disney an chomhlacht sin.
Ba é an scairshealbhóir ba mhó a bhí ag Disney agus, mar gheall air sin, ba bhall de bhord stiúrthóirí Disney é. Anuas air sin ba cheann de na daoine ba thábhachtaí é i gcur chun cinn an ríomhaire phearsanta ó na 1970í ar aghaidh.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 24 Lúnasa 2011 d'éirigh Jobs as a phost ag Apple. Cailleadh é ar 5 Deireadh Fómhair, 2011 ag ailse an phaincréis.