Cluichí an Chomhlathais
Is ócáid idirnáisiúnta, ilspóirt iad Cluichí an Chomhlathais (Béarla: Commonwealth Games, ar a dtugtar Cluichí Impireacht na Breataine 1930-1950, Cluichí na hImpireachta agus an Chomhlathais Bhriotanaigh 1954-1966, agus Cluichí an Chomhlathais Bhriotanaigh 1970-1974) a bhaineann le lúthchleasaithe ó Chomhlathas na Náisiún. Reáchtáladh an ócáid den chéad uair in 1930, agus, cé is moite de 1942 agus 1946, nuair a cuireadh ar ceal é mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ar siúl gach ceithre bliana ó shin i leith.
Is í Cónaidhm Chluichí an Chomhlathais (CGF) a eagraíonn an clár spóirt agus a roghnaíonn na cathracha óstacha.
Cé go bhfuil 53 ball de Chomhlathas na Náisiún, glacann 71 foireann páirt sna Cluichí, mar gheall ar roinnt críoch spleách a ghlacann páirt faoina mbratach féin. Seolann Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, agus Tuaisceart Éireann foirne ar leith, mar shampla. Níl ach sé thír ann a d'fhreastail ar gach Cluichí go dtí seo: An Astráil, Ceanada, Sasana, an Nua-Shéalainn, Albain, agus an Bhreatain Bheag.
Tíortha rannpháirteacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac 71 náisiún páirt i gCluichí an Chomhlathais i nGlaschú in 2014.[1][2]:
| Náisiúin a ghlac páirt i gCluichí an Chomhlathais in 2014 | |||
|---|---|---|---|
Liosta na gCathracha Óstacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Eagrán | Bliain | Cathair | Dáta Tosaigh | Dáta Deiridh | Líon Spórt | Tíortha | Foireann is mó rath |
|---|---|---|---|---|---|---|---|
| I | 1930 | 16 Lúnasa | 23 Lúnasa | 6 | 11 | ||
| II | 1934 | 4 Lúnasa | 11 Lúnasa | 6 | 16 | ||
| III | 1938 | 5 Feabhra | 12 Feabhra | 7 | 15 | ||
| IV | 1950 | 4 Feabhra | 11 Feabhra | 9 | 12 | ||
| V | 1954 | 30 Iúil | 7 Lúnasa | 9 | 24 | ||
| VI | 1958 | 18 Iúil | 26 Iúil | 9 | 36 | ||
| VII | 1962 | 22 Samhain | 1 Nollaig | 9 | 35 | ||
| VIII | 1966 | 4 Lúnasa | 13 Lúnasa | 9 | 34 | ||
| IX | 1970 | 16 Iúil | 25 Iúil | 9 | 42 | ||
| X | 1974 | 24 Eanáir | 2 Feabhra | 9 | 38 | ||
| XI | 1978 | 3 Lúnasa | 12 Lúnasa | 10 | 46 | ||
| XII | 1982 | 30 Meán Fómhair | 9 Deireadh Fómhair | 10 | 46 | ||
| XIII | 1986 | 24 Iúil | 2 Lúnasa | 10 | 26 | ||
| XIV | 1990 | 24 Eanáir | 3 Feabhra | 10 | 55 | ||
| XV | 1994 | 18 Lúnasa | 28 Lúnasa | 10 | 63 | ||
| XVI | 1998 | 11 Meán Fómhair | 21 Meán Fómhair | 15 | 70 | ||
| XVII | 2002 | 25 Iúil | 4 Lúnasa | 17 | 72 | ||
| XVIII | 2006 | 15 Márta | 26 Márta | 16 | 71 | ||
| XIX | 2010 | 3 Deireadh Fómhair | 14 Deireadh Fómhair | 17 | 71 | ||
| XX | 2014 | 23 Iúil | 3 Lúnasa | 17 | 71 | ||
| XXI | 2018 | 4 Aibreán | 15 Aibreán | 17 | - | ||
| XXII | 2022 | 18 Iúil | 31 Iúil | 71 | - | ||
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-12-29. Dáta rochtana: 2015-01-13.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-23. Dáta rochtana: 2015-01-13.