Raibeart I na hAlban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRaibeart I na hAlban

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(gd) Roibert a Briuis
Beathaisnéis
Breith11 Iúil 1274
Caisleán Turnberry, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Meitheamh 1329
54 bliana d'aois
Càrdainn Ros, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisLobhra
Áit adhlacthaAbaid Dhùn Phàrlain
Melrose Abbey (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc na hAlban
25 Márta 1306 – 7 Meitheamh 1329
← John de BalliolDáibhí II, Rí na nAlbanach →
Iarla na Carraige
9 Samhain 1292 – 1314 – Éadbhard Brús → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmgaiscíoch, monarc Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Albainis, Gaeilge na hAlban agus An Angla-Normainnis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogaí Neamhspleáchas na hAlban
Eile
Teideal uasalCunta
Monarc na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachClann Bhrús Cuir in eagar ar Wikidata
CéileIsabella Mar (1295 (Féilire Ghréagóra)–)
Eilís de Búrca (1302 (Féilire Ghréagóra), 1302 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarjorie Bruce
 ( Isabella Mar)
Catherine Bruce
 ( )
Margaret Bruce
 ( )
Elizabeth Bruce
 ( NN (en) Aistrigh)
Christina Bruce
 ( )
Neil Bruce
 ( )
Walter Bruce
 ( )
Maud Bruce
 ( Eilís de Búrca)
Dáibhí II, Rí na nAlbanach
 ( Eilís de Búrca)
John Bruce
 ( Eilís de Búrca)
Margaret Bruce
 ( Eilís de Búrca)
Robert Bruce, Tiarna Liddesdale
 ( )
Isabel de Bruce
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRobert de Brús  agus Marjorie, Cuntaois na Carraige
SiblínThomas de Brus, Éadbhard Brús, Alexander de Brus, Nigel de Brus, Isabel Brús, Christina Brús, Mary Brús agus Elizabeth Brús


Find a Grave: 2894 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Roibeard Brús, nó Raibeart I, Rí na hAlban mac le Roibeart Brús agus Marjorie, Bantiarna Charraig. Corónaíodh Roibeard Brús ina Rí na hAlban sa bhliain 1306 ach ní bhfuair sé seilbh iomlán ar a ríocht go dtí gur bhuaigh sé ar Éadbhard II, Rí Shasana, ag Cath Allt a’Bhonnaich, ar 23-24 Meitheamh 1314.[1][2]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i gCaisleán Turnberry i 1274, dhá bhliain tar éis do Edward I teacht i réim mar rí Shasana. Rinneadh Iarla de nuair a tháinig sé i seilbh ar Charraig i 1292.

Ba de shliocht Gael a mháthair agus ba Normannach Francach é a athair. Dá bharr sin bhí Gàidhlig agus Fraincis líofa ag an mBrúsach óg. Bhí Laidin agus Béarla aige chomh maith.

Cogadh in aghaidh na Sasanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a fuair an Rí Alastar II bás sa bhliain 1286, níor fhág sé mar oidhre ach a ghariníon Margaret, iníon Rí na hIorua. Pósadh í siúd le mac Shasana agus cé gur aithníodh neamhspleáchas Alban sa chonradh pósta bhí súil ag rí Shasana seilbh a fháil ar an tír. D'éag an bhanríon óg ar a bealach go hAlbain áfach agus fágadh an ríocht gan oidhre dlisteanach.

Bhí teaghlaigh Balliol agus Brus in adharca a chéile agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar choróin na hAlban. Thug Edward cúnamh do John Balliol mar shíl an Rí Sasanach gur duine lag a bhí ann agus go mbeadh sé faoina smacht féin. Barún Sasanach ba ea John Balliol a thug a dhílseacht do choróin Shasana.

Fógraíodh gurb é Balliol rí dlisteanach na hAlban ag cruinniú a d'eagraigh Edward i mí na Samhna 1292. D'éiligh Edward ceannas feodach ar Albain mar chúiteamh ar a chúnamh agus go dtabharfadh na hAlbanaigh tacaíocht dó ina chogadh in aghaidh na Fraince.

Brus ag Blàr Allt a' Bhonnaich

Ní fhéadfadh fiú Balliol glacadh leis na héilimh sin agus dúirt sé suas lena bhéal le hEdward gurbh é féin Rí Alban agus nach mbeadh sé freagrach ach dá mhuintir féin. Dhiúltaigh sé cúnamh míleata a thabhairt do Shasana, rinne sé conradh síochána leis an Fhrainc agus bheartaigh sé ionradh a dhéanamh ar Shasana.

Ghluais fórsaí Shasana ó thuaidh agus ghéill tiarnaí éagsúla do Edward, Robert Bruce ina measc. Mar gheall ar an bhfeall seo ghabh Balliol seilbh ar thailte na mBrúsach in Albain agus bhronn iad ar a dheartháir céile John Comyn.

Bhuaigh na Sasanaigh ar arm Balliol ag Dún Barra in mí Aibreán 1296 agus ghéill Balliol a choróin tamall ina dhiaidh sin. Lean buíonta Albanacha ag troid i gcoinne na Sasanach áfach agus ba é William Wallace an ceannaire ba cháiliúla a bhí orthu.

Scriosadh arm Sasanach ag Droichead Sruighle. Bhain na Sasanaigh díoltas amach ar Wallace tamall ina dhiaidh sin áfach ag cath an Eaglais Bhreac.

Ní raibh arm mór ag Wallace riamh ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar a choimeád ach gabhadh é i 1305 agus cuireadh chun báis é in Londain.

Rí na nAlbanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Brús agus John Comyn fágtha mar iarrthóirí ar choróin na hAlban. Bhí cruinniú acu in eaglais Greyfriar ag Dún Phris inar dhúnmharaigh Brús an t-iarrthóir eile. Bhí naimhde aige ar fud na hEorpa dá bharr sin agus chuir an Pápa faoi choinnealbhá é.

Dealbh cuimhneacháin - Sruighle.

D'fhógair Brús gurb é féin rí na hAlban ar an 25 Márta 1306 agus chuir Edward arm ina choinne láithreach. Chaill Brús Cath Methven, cuireadh mórán dá lucht leanúna chun báis agus rinneadh teifeach den rí óg.

Splanc léargais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Brus bliain ar a choimeád agus deirtear faoi go raibh sé i bhfolach i bpluais i gContae Aontroma na hÉireann agus é gan dóchas. Chonaic sé damhán alla ag iarraidh líon a chrochadh idir dhá bhalla na pluaise.

Thit an líon as a chéile arís agus arís eile ach lean an damhán alla lena iarrachtaí go dtí gur éirigh leis sa deireadh.

Spreag sé sin an rí óg le filleadh ar Albain agus dul chun cogaidh arís.

Teacht aniar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Brus a chéad chath ar Dhomhnach na Pailme 1307, agus spreagadh clanna Alban chun éirí amach.

Tháinig Edward é féin aneas le arm ollmhór chun béasa a mhúineadh do na hAlbanaigh. Ach ní raibh a shláinte go maith agus bhí a éifeacht mar cheannaire míleata imithe i léig. Fuair sé bás agus ba é a ghuí go n-iomprófaí a chnámha os comhair an airm go dtí go mbeadh Albain cloíte.

Cuireadh moill tamall ar uaillmhianta na Sasanach agus an rí óg, Edward II ag plé le deacrachtaí éagsúla sa bhaile agus i gcéin. Thug sé sin deis do Roibeard Brús a ríocht a dhaingniú.

Tugadh aitheantas dó mar aonrialóir na tíre agus fuair sé tacaíocht ó Rí na Fraince agus ón eaglais féin in ainneoin é a bheith coinnealbháite. Dhíbir sé garastúin Shasana amach óna thír diomaite de chaisleán Sruighle agus rinne sé ionradh ar Shasana féin.

Chuaigh Edward ó thuaidh le arm mór agus troideadh cath cinniúnach Allt a' Bhonnaich ar an 24 Meitheamh 1314. Ní bhfuair Brus seilbh iomlán ar a ríocht go dtí gur bhuaigh sé ar Éadbhard ar an lá sin.

dealbh bhrád, Stirling

Ionradh ar Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Roibeard chomh láidir sin sa bhliain 1314 go raibh sé ábalta ionradh a dhéanamh ar Éirinn agus aitheantas a fháil dá dheartháir Éadbhard Brús mar rí Éireann.

D’iarr Domhnall mac Briain Ó Néill, Rí Thír Eoghain, cabhair ó Albain ina throid i gcoinne na nAngla-Éireannach a bhí ag cur brú air. Bhí Roibeard gaolta le rítheaghlaigh Éireannacha ó thaobh a mháthar agus bhí sé báúil lena Gaeil. Bhí fonn air dara fronta ina chogadh in aghaidh na Sasanach a thosú in Éirinn freisin.

Ar dtús, rinne Roibeard iarracht Comhaontas Mór Gaelach a chur le chéile. Sa bliain 1315 sheol sé litir chuig ríthe uile na hÉireann ag impí orthu cabhrú leis na hAlbanaigh in Éirinn. “Tá an tsinsearacht Gaelach céanna, an teanga chéanna agus an nósmhaireacht chéanna againne agus agaibhse, ag ár muintir agus ag bhur muintir” a scríobh sé.

Thoiligh na Brúis cabhair a thabhairt do Bhriain Ó Néill ar choinníoll go n-aithneodh na Taoisigh Éireannacha a dheartháir Éadbhard (34 bhliain d’aois agus ina Iarla na Carraige) mar Rí na hÉireann (ní raibh Ard-Rí in Éirinn ag an am).

Tháinig Éadbhard agus a arm (6,000 fear) i dtír in Éirinn cóngarach do Latharna, ar 26 Bealtaine 1315. Ach theip go tubaisteach ar chogadh na mBrúsach in Éirinn,[3] d'fhill Roibeard ar Albain agus maraíodh Éadbhard.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buail tinneas éigin é agus fuair Brús bás ar 7 Meitheamh 1329 agus é ina laoch náisiúnta. Ní féidir linn a mhíniú cén chaoi ar bhásaigh Brus, in aois 55.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Choinnigh Albain a neamhspleáchas go dtí 1601 agus bhí sí i gcomhghuaillíocht leis an Fhrainc ar feadh i bhfad. D'éirigh le Roibeard Brús a choinnealbhá a chur ar ceal agus cairdeas a bhunú arís leis an Róimh agus le cumhachtaí móra na hEorpa. Dar léis ba 'aon-náisiún' amháin iad Éire agus Albain.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bannockburn
  2. Gaelscéal (18 Eanáir 2012). "Gabh Alba Gabh!". Dáta rochtana: 2019.
  3. IMLEABHAR 2 EAGRÁN 6 (SAMHAIN 2015). "AN TAOBH Ó THUAIDH". Dáta rochtana: 2019.