Astaróideach 2000 SG344

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dreigeoideach 2030)
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochAstaróideach 2000 SG344
Ainmniú sealadach2000 SG344 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálastaróideach agus Dlúth-theagmhálach leis an Domhan
Grúpa mionphláinéidAten asteroid (en) Aistrigh
FionnachtaíDavid J. Tholen Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana2000, Réadlann Mauna Kea
Réad tuismitheoraAn Ghrian
Aois13 Meán Fómhair 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí fithiseacha
 Féach ar an staid reatha
Apaipsis1.04266 AU[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis0.91202 AU
(arg (ω): 275.54022)[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a0.97733950716188 AU[2]
Éalárnacht e0.066888
0.066832599101248[2]
Tréimhse fhithiseach P352.91214875198 d[2]
Meán-Aimhrialtacht M179.6549 °[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Claonadh i0.11280937557364 °[2]
Fad an nóid éirithigh Ω191.75303015754 °[2]
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Dearbhmhéid24.7[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Mais71,000 t Cuir in eagar ar Wikidata
Catalóga réalteolaíochta
Aitheantóir JPL3054374 Cuir in eagar ar Wikidata
astaróideach

Tá na réalteolaithe ag tuar go sroichfidh astaróideach réasúnta mór comharsanacht an domhain. SG344 nó "Dreigeoideach 2030" atá mar ainm ar an astaróideach seo, agus tá a lorg á leanúint ag réalteolaithe ar fud an domhain. Ceapann na réalteolaithe go sroichfidh an t-astaróideach comharsanacht an domhain i Mí Mheán Fómhair na bliana 2030.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar go bhfuil SG344 chomh mór le hárasán, idir 30m agus 70m ar trastomhas.

Ní fios an oighear, nó gairbhéal, nó carraigeacha móra nó iarann atá ann. Más oighear nó gairbhéal atá ann, is má bhuaileann sé leis an domhan, dhealódh sé ó chéile agus dhófaí go hiomlán san atmaisféar é, sula sroichfidh sé dromchla an domhain. Ní dhéanfaidh sé dochar ar bith agus í chuirfeadh sé sin isteach ar an domhan ar chor ar bith.

Ach más carraigeach nó miotalach é, agus má bhuaileann SG344 i gcoinne an domhain (tá seans amháin as 417 go dtarlóidh sé sin), d'fhéadfadh pléasc cúpla meigeatonna tarlú, céad oiread níos cumasaí ná an buama adamhach a mhill Hiroshima na Seapáine i 1945: bheadh a leithéid inchurtha leis an imbhualadh astaróidigh a tharla i dTunguska na Sibéire i 1908.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí Mheán Fómhair na bliana 2000 tháinig réalteolaithe ar astaróideach réasúnta mór.[3] Tháinig D. J. Tholen, and R. J. Whiteley ar SG344 ar 29 Meán Fómhair 2000.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 17 Eanáir 2024.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 17 Eanáir 2024.
  3. An tÉolaí (2002). "GAEILGE - ARDLEIBHÉAL - PÁIPÉAR II". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
  4. Hussey, Matt (2011). "Dreigeoideach 2030". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 222.