Teoiric na catastróife

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Smaoineamh gur tharla tubaiste ollmhór thobann don Domhan uair éigin san am atá thart a d'athraigh dromchla is comhshaol an Domhain as cuimse. Bhí an t-am ann a cheap daoine gur mar seo a rinneadh sléibhte, cainneoin is farraigí, mar shampla trí imbhualadh le hastaróideachcóiméad. Ach tá a fhios anois nach mar sin a tharla na gnéithe seo den Domhan, ach trí dheascadh na n-ilchríoch. Ní hé sin le rá nár tharla imbhuailtí le ranna beaga spéire a raibh torthaí uafásacha orthu, mar dhíothú na ndineasár, eachtra Tunguska sa tSibéir, agus b'fhéidir díothuithe eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric na catastróife". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.