Dreige
Appearance
Dreige | |
---|---|
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Cuid de | dreigechith |
Tugtar réaltaí reatha go coitianta ar na dreigí, smionagar carraige nó gráinní deannaigh ón spás, a lasann leis an bhfrithchuimilt nuair a bhuaileann siad atmaisféar an Domhain. Is féidir leis na dreigí teacht ina n-aonair nó mar chuid de chith. Tagann ceathanna áirithe gach bliain. Is iarsmaí d'eireabaill chóiméad na dreigecheathanna seo.
Dótar na gráinní deannaigh ó eireaball an chóiméid san atmaisféar aon uair a thrasnaíonn an Domhan cúrsa seanchóiméid. Is iad na Peirsidí na dreigí is cáiliúla agus titeann siad idir 27 Iúil agus 17 Lúnasa gach bliain.
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol a bhaineann leis astaróideach é an t-alt seo Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |