90377 Sedna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad Réalteolaíoch90377 Sedna Sedna symbol (fixed width).svg
Artist's conception of Sedna.jpg
Ainmniú sealadach 2003 VB12 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál detached object (en) Aistrigh, réad a d'fhéadfadh bheith ina abhacphláinéad, réad beag an Ghrianchórais, Sednoid (en) Aistrigh agus astaróideach
Grúpa mionphláinéid réad tras-Neiptiúnach
Fionnachtaí Michael E. Brown[1]
Chad Trujillo (en) Aistrigh[1]
David L. Rabinowitz (en) Aistrigh[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana Samhain 14, 2003, Réadlann Palomar
Eapainm Sedna (en) Aistrigh
Sonraí fithiseach
 Féach ar an staid reatha
Apaipsis 937 AU Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis 76.19 AU
(arg (ω): 311.38) Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a 484.5211488 AU[2]
Éalárnacht e 0.85491
Tréimhse fhithiseach P 11,400 a
Meán-Aimhrialtacht M 358.13 ° Cuir in eagar ar Wikidata
Claonadh i 11.92864 °
Fad an nóid éirithigh Ω 144.55 °
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Dearbhmhéid 1.6 Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht 0.07 Cuir in eagar ar Wikidata
Catalóga réalteolaíochta
Aitheantóir JPL 2090377 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
« 90376 Kossuth Cuir in eagar ar Wikidata • (90378) 2003 WL23 Cuir in eagar ar Wikidata »

AbhacphláinéadPláinéadóideach mór is ea Sedna (sonrú abhacphláinéad 90377 Sedna; siombail: ⯲)[4] i gcodanna seachtracha an Ghrianchórais atá faoi láthair sa chuid is faide istigh dá fhithis faoi láthair; ó bhí 2021 tá sé 84 aonad réalteolaíoch (1.26 × 1010 km; 0.00041 pc) ón nGrian, beagnach trí huaire níos faide ná Neiptiún. Tugan speictreascópacht le fios go bhfuil comhdhéanamh dromchla Sedna cosúil le comhdhéanamh roinnt réad tras-Neiptiúnacha eile, agus é ina mheascán d'uisce, meatáin agus oighir nítrigine le tholiní den chuid is mó. Tá a dhromchla ar cheann de na cinn is deirgere i measc réad an Chórais Gréine. Laistigh de neamhchinnteachtaí measta, tá Sedna ar cothrom le Ceiréas mar an pláinéadóideach is mó nach eol go bhfuil gealach ann.


Airíonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sedna comhdhéanta as carraig agus oighear, de réir chosúlachta. Thiocfá ar a leithéid de réad i measc ghealacha Shatarn, mar sin. Ní satailít de chuid Shatarn í, áfach, ach ceann de chuid na gréine, agus í ar an gceann is rúndiamhraí acu, dar leis na saineolaithe féin.

Is í fithis Sedna is cúis le seo, chomh fadaithe agus atá sí. Nó tá an garphointe (an peirihéilean) faoi sé aonad réalteolaíoch déag agus trí scór (76 AU) den ghrian, agus an cianphointe (an t-apaihéilean) suite naoi gcéad agus deich n-aonad réalteolaíoch is ceithre scór (990 AU) uaithi. Ní fhaca na réalteolaithe a leithéid d'fhithis fhadaithe ag aon réad go dtí seo, agus spreag an aimhrialtacht seo iad chun na teoiricí is éadóchúla a fhorbairt.

Tá Sedna ag timpeallú na gréine idir Crios Kuiper agus Scamall Oort. Tá sí rófhada le go bhféadfá a rá gur gnáthréad de chuid Chrios Kuiper í (cosúil le Quaoar, Varuna, agus Ixion). Ón taobh eile de, níl sí chomh fada sin amuigh is go dtiocfadh leat í a aicmiú mar réad de chuid Scamall Oort. Mar sin, ó thángthas trasna ar Sedna an chéad uair, b'éigean athbhreithiúnas a thabhairt ar na seanteoiricí faoi Scamall Oort.

Fithis

Grianchóras[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an teoiric is spéisiúla ná gur tháinig Sedna ó ghrianchóras eile. Is é sin, nuair nach raibh an grianchóras seo againn ach nuachruthaithe, agus an ghrian suite istigh sa réaltbhraisle inar fhorbair sí an chéad uair, bhí sí chomh gar do réalta éigin eile is go raibh Scamall Oort ag cuimilt le scamall den chineál chéanna thart ar an réalta eile sin.

Planetoid 90377 sedna animation location.gif

Mar sin, cuireadh struchtúr bunúsach an dá scamall trí chéile, agus fágadh Sedna ar a fithis i ndiaidh na teagmhála. Míníonn an teoiric seo cén fáth a bhfuil a leithéid d'fhithis ag Sedna, ach ní mhíníonn sí cén fáth a bhfuil Scamall Oort fágtha ina sheanáit. Nó shílfeá go mbeadh an scamall féin ina phraiseach uafásach i ndiaidh a leithéid d'imeachtaí suntasacha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Braitheadh Sedna den chéad uair i gCrios Kuiper i 2003, agus cinntíodh é i 2005.

Sedna Size Comparisons.jpg

Ba iad na réalteolaithe Michael Brown, Chad Trujillo is David Rabinowitz a bhraith den chéad uair é, ar an 14 Samhain 2003, le teileascóp Samuel Orschin i Réadlann Palomar agus an teileascóp Gemini North ar Mauna Kea i Haváí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Ráite i: Minor Planet Center Database.
  2. URL tagartha: https://www.minorplanetcenter.net/db_search/show_object?object_id=90377.
  3. URL tagartha: http://hamilton.dm.unipi.it/astdys/index.php?pc=1.1.3.0&n=Sedna. URL Cartlann: https://web.archive.org/web/20110629202403/http://hamilton.dm.unipi.it/astdys/index.php?pc=1.1.3.0&n=Sedna. Archive date: Meitheamh 29, 2011.
  4. U+2BF2 ⯲. David Faulks (2016) 'Eris and Sedna Symbols,' L2/16-173R, Unicode Technical Committee Document Register.