Tuairimíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, is éard is tuairimíocht ann ná toradh a chreidtear a bheith fíor ach nach bhfuil cruthú aimsithe fós air agus a thairgtear mar dhúshlán fiúntach. De ghnáth bíonn cuid mhaith fianaise ar fáil gur féidir go bhfuil sé fíor, agus uaireanta bíonn sé fíor i gcuid mhaith cásanna ar leith. Uaireanta baineann so-chreidteacht mhaith intreach leis an gcoincheap. Uaireanta eile, aidhmeanna clár uaillmhianach taighde a bhíonn i gceist, a dtuigtear go mb'fhéidir go mbeadh mionathruithe suntasacha de dhíth chun an toradh ceart fíor a aimsiú. Ba thuairimíocht cháiliúil teoirim dheireanach Fermat, a cruthaíodh sna 1990aidí, ach is tuairimíocht cháiliúil eile hipitéis Riemann, nár aimsíodh cruthú fós uirthi.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tuairimíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 681.