Teoirim dheireanach Fermat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teoirim dheireanach Fermat

Timpeall 1637 scríobh an matamaiticeoir Pierre de Fermat go raibh sé tar éis a chruthú nárbh fhéidir aon slánuimhir n níos mó ná 2 a aimsiú a chomhlíonfadh an chothromóid xn + yn = zn, sa chás gur slánuimhreacha iad x, y is z. (Más n = 2, is ionann an chothromóid seo is teoirim Phíotágaráis).

Teoirim dheireanach Fermat[1]

Cailleadh a chruthú. Ach tugadh "Teoirim dheireanach Fermat" air agus bhí an teoirim ina sprioc dhoshroichte sa mhatamaitic leis na céadta bliain.

Fadhb a raibh Fermat an-tugtha di ab ea an ceann seo a leanas.

Is féidir na huimhreacha príomha atá níos mó ná 3 a rangú in dhá rang: rang amháin, 5, 13, 17, 29, 37, … den fhoirm 4 n + 1, mar is slánuimhir í n, agus an dara rang, 7, 11, 18, 23, 31, … den fhoirm 4 n + 3. Is féidir gach uimhir phríomha den chéad rang a scríobh mar shuim dhá chearnach, mar seo: 5 = 12 + 22, 13 = 22 + 32, 17 = 12 + 42

…, ach cén fáth mar sin nach féidir é seo a dhéanamh le huimhir phríomha sa dara rang?

Faoi dheireadh, i lár na 1990idí léirigh matamaiticeoir Sasanach, Andrew Wiles, cruthú fada casta a shásaigh na matamaiticeoirí. Ach is tuairimíocht cháiliúil ei le hipitéis Riemann, nár aimsíodh cruthú fós uirthi.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pierre de Fermat, Pierre de Fermat (1679). "VARIA OPERA MATHEMATICA · D. PETRI DE FERMAT, SENATORIS TOLOSANI".