Réamhstair
Cineál | am tréimhse stairiúil tréimhsiú | ||
---|---|---|---|
Meán cumarsáide | |||
Sainíonn an téarma réamhstair an tréimhse ama ag tosú le teacht i láthair an chéad duine daonna agus dar críoch le haireagán na scríbhneoireachta. Toisc nach ann do dhoiciméid scríofa gur féidir linn a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar a mhodhanna maireachtála, úsáidtear iarsmaí nó taisí daoine. Samplaí: corp an duine féin, uirlisí fiaigh, pictiúir, deilbh, srl. B'é an seandálaí Paul Tournal a chum an téarma Ante-historique i dtosach báire, agus é ag déanamh cur síos ar na pluaiseanna a d'aimsigh sé i ndeisceart na Fraince.
Deirtear gur thosaigh an stair leis an chéad scríbhinn a bhfuil eolas againn air, as an Mheaspatáim, beagáinín roimh 3000 RC.
Tá an tréimhse seo an-leathan agus roinntear é go traidisiúnta i dtrí aimsir neamhchothrom:
- An Chlochaois
- An tSean-Chlochaois (Pailéiliteach)
- An Meán-Chlochaois (Méisiliteach)
- An Nua-Chlochaois (Neoiliteach)
- An Chré-umhaois
- An Iarannaois - roinntear é ina dhá thréimhse ainmnithe as dhá láthair de chuid na gCeilteach
An Réamhstair |
||
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |