Clochaois
| Cineál | aois seandálaíochta human history (en) aonán ama | ||
|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | stone tool (en) | ||
| Cuid de | an réamhstair | ||
Is ré leathan réamhstairiúil í an Chlochaois, ina raibh daoine ag brath ar chloch chun uirlisí agus airm a dhéanamh. Mar shampla, bhíodh feidhm á bhaint as breochloch agus seirt le haghaidh uirlisí agus airm, agus basalt agus gaineamhchloch chun brónna a dhéanamh le haghaidh cócaireachta. Chomh maith leis na hábhair seo, bhí adhmad, cnámh, sliogán, beann agus rudaí eile in úsáid. Sa chuid is déanaí den aois, thosaigh daoine ag déanamh criadóireachta as cré nó dríodair eile.
Thosaigh an Chlochaois idir 2.7 agus 2.58 milliún bliain ó shin nuair a baineadh feidhm as uirlisí chloiche don chéad uair i nGona na hAetóipe. Chríochnaigh an aois le forbairt na talmhaíochta, ceansú ainmhithe áirithe, agus bruithniú mhian chopair chun miotal a chruthú.
Croineolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roinneann na staraithe an aois seo ina trí ré, rud a bhí molta don chéad uair ag John Lubbock ina leabhar Pre-historic Times (1865).
- An tSean-Chlochaois (Pailéiliteach)
- An Meán-Chlochaois (Méisiliteach)
- An Nua-Chlochaois (Neoiliteach)
An tSean-Chlochaois (Pailéiliteach)
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagann an focal Pailéiliteach ón nGréigis παλαιός/palaios, "sean"; agus λίθος/lithos, "cloch", is é sin "seanaois na cloiche". Ré réamhstairiúil atá inti, ina bhfeictear forbairt in uirlisí chloiche. Cuimsíonn sé an chuid is mó de stair an chine dhaonna ar Domhan (99%), ag tosú timpeall 2.5 nó 2.6 milliún bliain ó shin leis na céad uirlisí chloiche in úsáid ag homainidí ar nós Homo habilis, suas go dtí tosú na talmhaíochta timpeall na bliana 10,000 RC.
Ní b'fhaide, roinníodh agus réimníodh an Ré Phailéiliteach mar seo:
- Ré Phailéiliteach Íochtar
- Ré Phailéiliteach Mheán
- Ré Phailéiliteach Uachtar
An Meán-Chlochaois (Méisiliteach)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an Meán-Chlochaois 10,000 bliain ó shin ag deireadh na hoighearaoise is déanaí, agus mhair sí go dtí 6,000 bliain ó shin. Bhí leibhéal na mara ag ardú, agus bhí gá teacht ar fhoinsí bhia nua. Chun dul i ngleic leis na hathruithe seo, thosaigh daoine ag baint feidhm as micrilití, is é sin uirlisí chloiche a bhí ní ba bhige agus ní ba shofaisticiúla.
An Nua-Chlochaois (Neoiliteach)
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Príomhalt: An Nua-Chlochaois
| An Réamhstair | ||
| Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |