Sí an Bhrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Sí an Bhrú
Íomhá
Sonraí
CineálPassage tombs in Ireland (en) Aistrigh, díol spéise do thurasóirí agus tuama
Cuid deBrú na Bóinne
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Mí, Éire
Map
 53°41′41″N 6°28′32″W / 53.6947251°N 6.4755655°W / 53.6947251; -6.4755655
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir147
Láithreán gréasáin oifigiúilnewgrange.com

Tuama pasáiste é Sí an Bhrú[1], atá suite sa réigiún Brú na Bóinne i gContae na Mí, in Éirinn. Ceann de na suíomhanna réamhstairiúla is cáiliúla in Éirinn atá ann. Tá samplaí maithe den ealaín thuama pasáiste agus ealaín Mheigiliteach le fáil ann chomh maith.

Lonraíonn an ghrian síos an phasáiste go dtí an seomra adhlactha ar feadh cúpla lá gach bliain i rith grianstad an gheimhridh. Tógadh an tuama idir 3300 RC agus 2900 RC (de réir dátú charbón 14), agus mar sin tá sé níos mó ná cúig chéad bliain níos sine ná Pirimid Mhór Giza san Éigipt.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Sí an Bhrú go bunúsach idir thart ar 5500 RC agus 2900 RC, rud a chiallaíonn go bhfuil sé os cionn 5,000 bliain d'aois. Maidir leis na dátaí C-14, tá sé níos mó ná 500 bliain níos sine ná an Phirimid Ollmhór i nGiza san Éigipt agus míle bliain níos sine ná Stonehenge.

Sa Ré Néolitic, lean Sí na Bhrú mar ionad tábhachtach searmanais.[2] San Iarannaois, d’fhág daoine boinn óir Rómhánacha ansin.

Ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bealach isteach.

Tá Sí an Bhrú cáiliúil ó thaobh ealaíne de.[3] Tá móitífeanna de bhíseanna agus mhuileataí ar an gcloch iontrála, agus ceaptar gur féilire de shaghas éigin a bhí ann. Ar aon nós, ní ealaín ar son na healaíne é. Déanann an chloch iontrála líne dhíreach le cloich 52 ag cúl Sí an Bhrú, agus tá na marcanna céanna orthusan.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Soilsiú na Domhain ag an ngrian i rith an grianstad an gheimhridh

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Sí an Bhrú/Newgrange | logainm.ie". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Aisghafa 2023-06-22.
  2. "NewGrange".[nasc briste go buan]
  3. Ó Ríordáin, Seán P.; Glyn, Edmund Daniel (1964). New Grange and the Bend of the Boyne F.A. Praeger, p.26. [1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]