Cráitéar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cráitéar

Ísliú ciorclach i ndromchla reanna phláinéadaigh. Rinneadh an chuid is mó díobh ar Mhearcair, an Ghealach agus na saitilítí nádúrtha de chuid na bpláinéad trí imbhuailtí dreigítí nó cóiméad i bhfad ó shin. Tá cráitéir bholcánacha ar an nGealach, Mars, Véineas agus Io (ceann de shaitilítí Iúpatair) freisin. Tá cráitéir ar Domhan a tharla mar thoradh ar imbhuailtí dreigítí (mar shampla, Cráitéar na Dreigíte) agus pléascthaí bolcánacha (mar shampla, Loch an Chráitéir in Oregon).