Io (gealach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochIo 
Cineálgealach de chuid Iúpatair agus gnáthghealach
FionnachtaíGalileo Galilei Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana8 Eanáir 1610
EapainmIo
Réad tuismitheoraIúpatar
Sonraí fithiseacha
Apaipsis423,400 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis420,000 km Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a421,800 km
Éalárnacht e0.0041
Tréimhse fhithiseach P1.769137786 d
Claonadh i2.213 °
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga1,821.6 km Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas3,660 km Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)5.02 (banda V) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla41,910,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Mais89.296 Yg[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Toirt2,530,000,000 km³ Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús3.528 g/cm³ Cuir in eagar ar Wikidata
Imtharraingt dromchla1.796 cm/s² Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.63 Cuir in eagar ar Wikidata
Teocht an dromchla
íosmhéid  meán  uasmhéid
90 K[2]  110 K[2]  130 K[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGealacha Galileo Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Satailít de chuid Iúpatair is ea Io. Tá sí ar ceann de Ghealacha Galileo, is é sin, na gealacha de chuid Iúpatair ar chuir Galileo Galilei sonrú iontu roimh aon duine eile. Tá Io ar an gceathrú gealach is mó sa Ghrianchóras ar fad, nó níl ach Tíotán, Ganymede, agus Callisto níos mó ná í.

Is minic a chuirtear Io i gcomparáid le píotsa, ós rud é go bhfuil sí breac leis na bolcáin, agus iad ag breathnú cosúil le sliseoga tráta ar screamh cáise an phíotsa. Is í Io an réad is mó bolcánachais sa Ghrianchóras.

Fionnachtain agus Breathnú Io[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gurbh é Galileo Galilei ba thúisce a d'aithin Io, ar an 7 Eanáir 1610. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, áfach, d'fhógair an réalteolaí Gearmánach Simon Marius ina leabhar Mundus Jovialis ("Domhan Iúpatair") gurbh eisean a tháinig trasna ar Io agus gealacha Galilei ar fad sa bhliain 1609, seachtain amháin roimh an bhfionnachtain a rinne Galileo. Níor thug Galileo aon chreidiúint don ráiteas seo, agus d'aontaigh réalteolaithe an domhain leis. An t-ainm a bhaist Marius ar an ngealach seo, níor éirigh sé coitianta sa ghnáthúsáid roimh an bhfichiú haois. Go nuige sin, ba rogha leis na saineolaithe Iúpatar a hAon a thabhairt ar Io.

I lár na fichiú haoise, rinneadh breathnuithe ar Io a bhí ag tabhairt le fios go raibh réigiúin pholacha na gealaí dearg. Nuair a chuaigh an taiscéalaí spáis úd Pioneer a hAon Déag thart le hIo, dearbhaíodh go raibh dath dearg nó flannbhuí sa réigiún polach, i gcomparáid leis an réigiún meánchiorclach, a bhí níos gaire don bhán. Is beag eile a fuair Pioneer amach faoi Io, áfach.

Nuair a bhain Voyager a hAon amach Io sa bhliain 1979, thaispeáin na chéad ghrianghrafanna nach raibh ach an-chorrchráitéar ar dhromchla na gealaí seo. B'í Linda Hyder, innealtóir spásloingseoireachta, ba túisce a tháinig ar lorg na cúise leis seo: nuair a bhí sí ag anailísiú na ngrianghrafanna, chonaic sí cineál calc toite ag éirí aníos ón dromchla. Bolcán a bhí ann, agus tuigeadh do na saineolaithe go raibh an oiread sin bolcán gníomhach ag brúchtaíl ar fud Io is go raibh a gcuid laibhe go sciobtha ag cur cuma nua ar dhromchla na gealaí, ionas nár fágadh a dhath de na cráitéir i ndiaidh na ndreigítí. Bhí Voyager a hAon in ann sonrú a chur i naoi mbolcán gníomhach, agus rinne Voyager a Dó breathnóireacht ar ocht gcinn acu siúd.

Bhain an spástaiscéalaí úd Galileo amach Iúpatar sa bhliain 1995, agus d'eitil sé thart le hIo i ndeireadh na bliana 1999. Tháinig Galileo ní ba chóngaraí d'Io ná aon taiscéalaí eile roimhe sin. Thóg sé cuid mhaith grianghrafanna, rinne sé breathnóireacht ar na bolcáin agus iad ag brúchtadh, agus fuair sé amach go bhfuil croíleacán mór iarainn ag Io, cosúil leis na pláinéid charraigeacha sa chuid inmheánach den Ghrianchóras.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]