Tíotán (gealach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTíotán (gealach)
Titan in true color.jpg
Tipus Moon of Saturn (en) Aistrigh
Epònim Tíotán
Format per lake of Titan (en) Aistrigh
Característiques
Punt més alt Mithrim Montes (en) Aistrigh  ()
Història
Any descoberta 1655

Is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag Satarn, agus é ar an dara gealach is mó sa ghrianchóras ar fad. Is é Tíotán an t-aon ghealach amháin a bhfuil atmaisféar substaintiúil aici, rud a choinnigh a dhromchla ceilte ar na réalteolaithe ar feadh i bhfad. Nítrigin, N2, is mó atá san atmaisféar (98.4 %). Tá an fuíoll comhdhéanta as an meatán CH3 agus as hiodracarbóin eile, chomh maith le comhdhúile simplí hidrigine, nítrigine agus carbóin (cianaigin C2N2, abair, nó ciainíd hidrigine, HCN).

Tá Tíotán 50 % níos mó ná ár nGealach féin ar trastomhas, agus 80 % níos troime ná í. Is é Ganymede an t-aon satailít nádúrtha amháin sa ghrianchóras a sháraíonn méid Tíotán, agus tá Mearcair níos lú ná Tíotán, cé go bhfuil sé níos troime. Ba é an réalteolaí Ollannach Christiaan Huygens a chuir an chéad sonrú riamh i dTíotán, thiar sa bhliain 1655.