Gealacha Galileo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an dúrud de ghealacha ag timpeallú Iúpatair, nó sa bhliain 2006, bhí níos mó ná trí scór acu tugtha faoi deara. Is gnách gealacha Galileo a thabhairt ar an gceithre cinn is mó acu, nó b'é Galileo Galilei ba thúisce a chuir sonrú iontu, mar atá, thiar sa bhliain 1610. Briseadh mór a bhí ann i stair na réalteolaíochta Iartharaí, nó go dtí sin, bhí an bharúil sách coitianta go mbeadh gach rinn neimhe eile ag timpeallú an Domhain, agus nach mbeidís aon réad eile a fhithisiú ar aon nós. Thaispeáin fionnachtain na ngealach seo nárbh amhlaidh in aon chor.

Tugtar Io, Europa, Ganymede agus Callisto ar ghealacha Galileo. Rothlú sioncronach atá fúthu go léir, is é sin, tá siad á gcasadh ar a n-aiseanna de réir is mar atá siad ag dul timpeall Iúpatair, i gcruth is go bhfuil an aghaidh chéanna orthu an t-am ar fad, de réir mar a d'fheicfeadh an breathnóir ar dhromchla Iúpatair iad. Is féidr iad a fheiceáil ón Domhan le teileascóp beag agus iad ag dul trasna aghaidh an phláinéid. Is beag a bhí ar eolas fúthu sula ndeachaigh taiscéalaithe Voyager á n-iniúchadh, mar tá Io, Europa agus Ganymede taobh istigh de réimse maighnéadach Iúpatair agus iad faoi shíorionsaí ag tréanradaíocht i bhfoirm prótón agus leictreon ardfhuinnimh.

Na hainmneacha atá ar na gealacha inniu, níorbh é Galileo féin a bhaist orthu iad, ach an réalteolaí Gearmánach Simon Marius, a mhaígh go raibh seisean tar éis fionnachtain na ngealach seo a dhéanamh go gairid roimh Galileo. Theastaigh ó Galileo na gealacha a ainmniú as a urraí, Cosimo de' Medici. Mar a mhol Cosimo féin dó, thug sé "Réaltaí Medici" (nó Medicea Sidera, as Laidin) orthu, agus a ghealach féin ag Cosimo agus ag gach duine den triúr deartháireacha a bhí aige, mar atá, Lorenzo, Carlo, agus Francesco. Bhí smaoineamh eile ag Giovanni Baptista Hodierna, dalta de chuid Galileo: thabharfadh seisean Principharus, Victipharus, Cosmipharus agus Ferdinandipharus orthu.

Ainm Pictiúr Struchtúr
Taobh Istigh
Nótaí Trastomhas
(km)
Mais
(kg)
Ais
leathmhór (km)
Tréimhse
fhithiseach (laethanta)
Io Tá imtharraingt na ngealach eile, chomh maith le himtharraingt Iúpatair, ag streachailt Io i ngach treo, rud a fhágann maintlín na gealaí seo beo le bolcánachas. 3643 8.93×1022 421,800 1.77
Europa Tá Europa clúdaithe ag leac oighir, ach creideann cuid de na heolaithe go bhfuil farraige uisce faoin oighear, agus í á coinneáil leáite ag imtharraingt na ngealach eile. 3122 4.8×1022 671,100 3.55
Ganymede Carraig shileacáite agus leac oighir is mó atá i nGanymede. 5262 1.48×1023 1,070,400 7.16
Callisto Cosúil le hEuropa, agus b'fhéidir le Ganymede, is dócha go bhfuil farraige taobh istigh de screamh oighir na gealaí seo. 4821 1.08×1023 1,882,700 16.69

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

athraigh An Grianchóras
An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall Oort
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris