Réaltmhéadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Learáid ar úsáid trasnamhéadracht tonnfhaid optaice le suíomh na réaltaí a aimsiú go cruinn. NASA/JPL-Caltech.

Baintear feidhm as an réaltmhéadracht chun tomhas cruinn agus míniú a dhéanamh ar shuíomh agus ar ghluaiseachtaí na réaltraí agus coirp neamhaí eile.

Sa lá atá inniu ann bíonn an t-eolas a aimsítear trí thomhais réaltmhéadrachta an-tábhachtach le haghaidh taighde sa chinéimitic agus i mbunús ár nGrianchórais agus ár réaltra, Bealach na Bó Finne.