Ceathairnín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceathairnín

San ailgéabar, is éard is ceathairníon (iolra ceathairnín) ann ná eagar ceithre réaduimhir, ordaithe de réir dlíthe áirithe ceaptha. Léirítear na dlíthe ceaptha mar seo:

  • .

Is sampla é d'ailgéabar neamhchomhalartach de bhrí nach bhfuil an t-iolrú malartach. Tugadh an t-ainm “na ceathairnín” ar an ailgéabar seo mar gheall ar an ceathair uimhir i ngach ord. Bhain na fisiceoirí an chuid choimpléascach amach as chun oibriú le veicteoirí.

Plaic chuimhneacháin ar Dhroichead Broom i mBaile Átha Cliath

Ba é an matamaiticeoir Éireannach William Rowan Hamilton a d'fhionn na ceathairnín agus a shaothraigh an réimse seo matamaitice i dtús báire. Ar 16 Deireadh Fómhair 1843 i mBaile Átha Cliath, bhí Hamilton ag siúl ó Réadlann Dhún Sinche chuig Acadamh Ríoga na hÉireann, áit a raibh sé le bheith i gceannas ar chruinniú comhairle. Agus é ag siúl feadh na Canála Ríoga in éineacht lena bhean chéile, bhí na coincheapa taobh thiar de na ceathairnín ag teacht chun cinn ina intinn. Nuair a tháinig an freagra chuige, ghrean sé foirmle na gceathairníon i gcloch ar Dhroichead Brougham:

Cé nach bhfuil an greanadh infheicthe a thuilleadh, bíonn oilithreacht go dtí an áit gach bliain ar a dtugtar an Hamilton Walk. Siúlann grúpa eolaithe agus matamaiticeoirí ó Réadlann Dhún Sinche go Droichead na Canálach Ríoga i gcuimhne ar fhionnachtain Hamilton.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceathairnín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 126.