Jump to content

Púca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarPúca

Púca, le Padraic Colum (1916)[1]
Cineálgrúpa eitneach miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deBéaloideas Breatnach, béaloideas Sasanach, Béaloideas na hÉireann agus miotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata

Púca a thugtar ar arracht i mbéaloideas na nGael a fhuadaíonn daoine, ach d'fhéadfaidís a bheith ag crá nó ag cabhrú le daoine.[2] Riocht capaillgabhair a bhíonn ar an bpúca de ghnáth cé go mbíonn riochtanna eile air amanna, m.sh. riocht iolair. Tugtar pwca air i mBreatnais agus tá bucca ann i miotaseolaíocht Chorn na Breataine, focal a thagann ón nGaeilge.[fíoras?]

Daoine ar meisce is mó a thagann ar an bpúca i rith oícheanta dorcha gan ghealach. Ar ndóigh, tá baint ag an bpúca, a fheictear san oíche, leis an "nightmare" ("láir oíche") as traidisiún Gearmáinice an Bhéarla.[fíoras?] Tá dlúthbhaint ag an bpúca, freisin, leis an each uisce, atá níos contúirtí arís is a bhánn daoine.

Déantar iad a cheangal le neacha neamhshaolta eile, uaireanta: "Mná ab eadh na spiridí, agus fir ab eadh na púcaí."[3]

Tá sé de nós ag an bpúca duine a chaitheamh suas ar a dhroim go n-iompraíonn sé an duine ar thuras scioptha ar fud na dúiche. Is minic a ghortaítear an marcach neamhthoilteanach, cé go dtagann sé/sí slán ach scanraithe go smior amanta eile.

Deirtear go mbíonn an púca i mbun diabhlaíochta leis na puiteachaí Oíche Shamhna agus nár cheart do dhaoine iad a phiocadh i ndiaidh na hoíche sin.[4]

Dul i ngleic Leo

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh "uirlisí cosanta" áirithe ag daoine i gcoinne púcaí, mar atá bior crua nó scian coise duibhe. I scéal amháin, agus fear thuas ar dhroim phúca, sháigh sé scian coise duibhe ann. D'iarr an púca air ansin an scian a tharraingt, ach d'fhág sé í mar a bhí agus an mhaidin dár gcionn bhí an scian sáite i meall beag glóthaí. D'fhás tor feileastram ar an láthair ina dhiaidh sin.[5]

Bairnigh phúcaí a thugtar ar na bairnigh a bhíonns ag máinneáil ar na carraigeacha istoíche, go mór-mhór oíche gealaí nuair a bhíonn sé ina thrá.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Padraic Colum (1916). "The king of Irelands son". New York: H. Holt and Company.
  2. "site:.duchas.ie "Púca" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-08-28.
  3. Domhnall Ó Murchadha (1939). "Sean-aimsireacht". Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair. Curtha i gcartlann 2022-08-28 ar an Wayback Machine
  4. Aedín Ní Thiarnaigh (2025-09-05). "Puiteachaí & airní Inis Meáin". An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-09-05.
  5. Domhnall Ua Murchadha (1939). "Sean-Aimsireacht": lch 73. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
  6. Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach (1942 [lámhscríbhinn]). "Croidhe Cainnte Chiarraighe": lch 227, s.v. 'báirneach'.