Scian Coise Duibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I mbéaloideas na nGael, is minic a bhaintear úsáid as scian le cos dubh le cumhachtaí draíochta.[1]

I scéal amháin, agus fear ag marcaíocht ar phúca, sháigh sé scian coise duibhe ann. D'iarr an púca air ansin an scian a tharraingt, ach d'fhág sé é mar a bhí agus an mhaidin dár gcionn bhí an scian sáite i meall beag glóthaí.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill. "Scian". Teanglann.ie. Dáta rochtana: 08/02/2020.
  2. Domhnall Ua Murchadha (1939). "Sean-Aimsireacht": lch 73. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.