Síofra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Síofra a thugtar ar leanbh a fhágtar ag teaghlach daonna nuair a fhuadaítear leanbh daonna. De ghnáth, bíonn an síofra tinn agus ar tí bás a fháil nuair a mhalartaíonn an lucht sí é, ar son linbh dhaonna fholláin.

Bhaintí úsáid as miotas an tsíofra chun galair thobanna ar leanaí nuabheirthe a mhíniú. De réir an tseanchais, d'fhéadfaí síofra aithint mar labhródh an leanbh gan choinne nó chaithfeadh sé píopa. Chreidtí go raibh na céadta bliain slánaithe ag an síofra cheana cé nach raibh sé níos mó ar méid ná leanbh duine.

Dá gceapfaí gur síofra a bhí ann, chaithfí isteach sa tine é go dtabharfaí a leanbh féin ar ais chuig na tuismitheoirí.

Is léir go bhfuair roinnt leanaí tinne bás mar gheall ar an bpiseog seo. Mar shampla: