Tadhg Ó Ceallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tadg Ua Cellaigh)
Infotaula de personaTadhg Ó Ceallaigh
Teaghlach
PáisteMurchadh Ó Ceallaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Naoú rí is tríocha Rí Uí Mhaine agus séú Ceann na Fine ba ea Tadhg Ó Ceallaigh (fuadaithe 1145).

Tagairtí sna hannála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fheictear Tadhg agus Uí Mhaine ach go hannamh sna hannála, rud a chuireann le fios mion stádas na ríochta laistigh na Connachta. Seo a leanas roinnt tagairtí:

Cobhlach Murchadha Ui Mhaoileachlainn, righ Temhrach, for Shionainn, & for Loch Ríbh. Tangattar Síol Muiredhaigh cona rígh, .i. Conchobhar, mac Toirrdhealbhaigh, & Uí Maine cona t-tigherna .i. Tadhg Ua Ceallaigh, co b-farccaibhsiod díbhlinibh[1] braighde[2] ag Murchadh.
Cabhlach Murchadha Uí Mhaoileachlainn ar an Sionainn agus ar Loch Riabh. Tháinig Síol Mhuireadhaigh lena rí, .i. Conchúr mac Toirdhealbhaugh, agus Uí Mhaine lena tiarna, .i. Tadhg Ó Ceallaigh, agus d'fhágadar beirt gialla ag Murchadh.
  • ACM 1137.20:
Cóicceadh Chonnacht uile do fhásughadh ó Dhróbhaois go Sionainn, & co h-Echtge, & a c-cur féin i n-Iarthar Chonnacht.
Cúige Chonnacht uile do fásaíodh ó Dhrobhaois go Sionainn agus go hEachtaí), agus cuireadh féin i nIar Chonnacht.
  • M1142.15
Crech lá Conchobhar, mac Toirrdhealbhaigh, & lá h-Uibh Maine ar Cenel Forggo, co t-tucsat buar dhírím
Creach ag Conchúr mac Toirdhealbhaigh, agus an Uí Mhaine, ar Chineál Forgo, agus gabhadar buar gan áireamh
  • ACM 1144.13:
Domhnall Ua Ceallaigh do mharbhadh la tribh macaibh mic mic Concobhair Uí Cheallaigh .i. Donnchadh, Amhlaoibh, & Lochlaind...

Fuadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1145, rinne arm na Mhumhan ruathar ar chúige Chonnacht. Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí:[3]

Fir Mumhan do thocht slóighedh i c-Connachtaibh, & rugsat Ua Ceallaigh .i. Tadhg mac Conchobhair, tigherna Ua Maine, leó

Ní raibh tásc ná tuairisc ar Thadhg as sin amach. Go gairid i ndiaidh sin, tháinig Conchobar Maenmaige Ua Cellaigh i gcomharbacht is amhlaidh a mhac nó a gharmhac.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Uí Mhaine
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. díblínaib, dá-líon, beirt, ar eDIL
  2. 2 brága, brá, cime, giall, ar eDIL
  3. ACM 1145.17


Réamhtheachtaí
Diarmaid Ua Madadháin
Rí Uí Mhaine
1135–c.1145
Comharba
Conchobar Maenmaige Ua Cellaigh