Iar Chonnacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tuath agus ríocht i cúige Chonnacht ba ea IartharIar Chonnacht, suite i gContae na Gaillimhe, go háirithe Conamara.

Tuath dhúchais Uí Bhriúin Seola na gConnacht a bhí ann. Bhíodar i gceannas ar dhreamanna Gaeil eile, amhail is Dealbhna Thír Dhá Loch agus Conmhaicne Mara. Bunaíodh an tuath sa bhliain 1051, nuair a chuir clann Uí Conchúir, ríthe Chonnacht, an ruaig ar chlann Uí Fhlaithbheartaigh as a n-áit dúchais ar Mhaigh Sheola siar thar Loch Coirib. D'fhan Iar Chonnacht mar saorthuath na gConnacht.

Ghabh an chlann Normannach, Clanricarde (de Burgh), an ceantar sa bhliain 1232. Tháinig sé faoi smacht Ríocht na hÉireann ag deireadh na 16ú haoise.

Éire 1450

Fhlaithbheartaigh

Chonchúir
de Burgh

Tuath Chonnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó dhúchas, bhí tailte taobh thiar de Loch Coirib faoi cheannas Dealbhna Thír Dhá Loch agus Conmhaicne Mara, dhá dhream ar leith leis na Connachta.

Bhí Maigh Sheola suite ar an taobh thoir de Loch Coirib, Tuaim go Baile Átha an Rí go Meáraí, talamh shaibhir, thorthúil. Bhí clann Uí Bhriúin Seola, aitheanta fosta mar Muintir Mhurchadha, ina ríthe ann ón 9ú haois ar aghaidh, saorthuath na gConnacht]].

Ba é Amhalaidh mac Cathail (bás 1043) an chéad rí de chlann Uí Fhlaithbheartaigh ar Iar Chonnacht.

Le linn réimeas Aodh an Gha Bhearnaigh (bás 1067), tharla coimhlint idir ríthe na gConnacht agus Muintir Mhurchadha ar Mhaigh Sheola. Bhain Uí Chonchúir an lámh in uachtar amach agus bhog muintir Amhalaí de réir a chéile siar in Iar Chonnacht isteach. Cuireadh na dreamanna dúchasacha faoi chois

Ó am go ham, tharla achrann idir an tuath agus ríthe na gConnacht. Sa bhliain 1079, maraíodh Aodh Ó Flaithbheartaigh ag Ruairí na Saidhe Buí, mac altrama Fhlaithbertaigh Uí Fhlaithbertaigh. Rinneadh rí Chonnacht de Fhlaithbheartach sa bhliain 1092, tar éis dó Ruairí a dhalladh. Cuireadh Flaithbheartach féin as a choróin nuair a bhain muintir Ruairí a díoltas amach sa bhliain 1095.

Le teacht chun cinn chlanna Mhic Cárthaigh (Eoghanachta) agus Uí Bhriain (Dál gCais, Tuadhmhumhain), thír coimhlintí idir Uí Chonchúir agus Uí Fhlaithbheartaigh i léig, agus fir na Mumhan á ionsú. D'éag Conchúr Ó Flaithearta (I), chéad cheannaire Dhún Gaillimhe, sa bhliain 1132, ag cosaint an Dúin in éadan ionsaí ó Chormac Mac Cárthaigh. Maraíodh a chomharba, Ruaidhrí Ua Flaithbheartaigh (II), sa bhliain 1145 tar éis ionsaí Mhuimhnigh.

Ag deireadh na 12ú haoise, tharla achrann in Iar Chonnacht idir beirt deartháireacha Uí Fhlaithbheartaigh. Maraíodh Conchúr (dílis d'Uí Chonchúir) ag Ruairí (ina chomhghuaillí Uí Bhriain). Ghabh Cathal Crobhdhearg an Ruairí úd sa bhliain 1197.

Na Normannaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí iarmhairtí gan choinne do Ghaeil na gConnacht mar thoradh na coimhlinte idir na deartháireacha. Níor éirigh leis na Normannaigh i gcúige Chonnacht go dtí seo, ach d'iarr Cathal Crobhdhearg cabhair ar Mhic Cárthaigh as Deasmhumhain agus fosta William de Burgh as Burgh Castle, Norfolk, in éadan a dhearthár, Cathal Carrach. Ar dtús, d'éirigh le Cártaí Crobhdhearg, óir gur maraíodh Cathal Carrach i mbun chatha ar An Corrshliabh sa bhliain 1202. D'éiligh an Normannach uaillmhianach ámh íocaíocht mhór as ucht a chuid cabhrach. Nuair a diúltaíodh é, chuaigh sé i mbun comhcheilge le mic Ruadhri Uí Fhlaithbertaigh chun Cathal Crobhdhearg a mharú. Cé gur cuireadh stop leis an gcomhcheilg seo, bhíodh coimhlint idir de Burgh agus Connachta sna blianta amach ansin.

Ghabh Clanricarde (de shliocht de Burgh) an tuath sa bhliain 1232. Bhain siad leath-neamhspleáchas amach chun trádáil a dhéanamh, ach bhí ann i gcónaí an baol go ngabhfaí an ceantar ar ais ag Uí Fhlaithbheartaigh, go háirithe le linn na 14ú agus 15ú haoiseanna. Deirtear gur chuir na Normannaigh an fógra a leanas ar gheataí na cathrach, "From the Ferocious O'Flahertys, O Lord deliver us".

Sa bhliain 1315, lonnaigh clann Seoighe i gcuid d'Iar Connacht. De bhunús Normannach iad a tháinig go hÉirinn i dteannta le clann FitzGerald. Ar dtús, phós siad le clann Uí Bhriain as Tuamhain, ach phós mac is sine Thomáis, Edmond Mac Mara, le hiníon rí Iar Chonnacht. Gaelaíodh roinnt bhall den chlann úd ach tugadh an t-ainm Dúiche Sheoighe ar a gcuid críoch.[1]

Gabhadh an tuath faoi chois Ríocht na hÉireann faoi dheireadh 16ú haois.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhair cultúr dúchais na nGael Gaelic dar i bhfad i ndiaidh bhunú ríocht na hÉireann. Chomh déanach is an bhliain 1759, luadh Edward Willes, Chief Baron of the Irish Exchequer, ag rá go raibh sa cheantar fós, "the ancient Irish, who never yet have been made amenable to the laws. No sheriff dares go there to execute any process."[2]

Ó lár na 19ú haoise, tá Conamara tugtha ar an chuid is mó d'Iar Chonnacht, de bharr fhorbairt tionscal na turasóireachta. Go dtí an lá seo anuas, is é Connemara an Ghaeltacht is mó sa tír, áit a fhaightear an Ghaeilge mar theanga an phobail.

Deoise Eanach Dhúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fothrach Mhainistir Eanach Dhúin, ionad creidimh Iar Chonnacht.

Ba é Caitliceachas Rómhánach an reiligiún is mó i dtuath Iar Chonnacht. Bunaíodh Deoise Eanach Dhúin ann sa bhliain 1179. Seachtó bliain roimhe sin ag Sionad Ráth Breasail feictear ina hionad deoise Chonga, bunaithe ar Mhainistir Agaistíneach Chonga (féach Cros Chonga mór le rá) nár mhair i bhfad ach a bhí go daingean ar thaobh Uí Chonchúir.

Ríliostaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe Mhaigh Sheola (níos deireanaí Uí Bhriúin Seola)[cuir in eagar | athraigh foinse]

féach Maigh Sheola

Ríthe Iar Chonnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taoisigh Iar Chonnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Brian Ó Flaithbheartaigh, bás 1377.
  • Áedh Ó Flaithbheartaigh, c. 1377–1407; thóg sé an chill ag Eanach Dhúin
  • Domhnall mac Aodha Ó Flaithbheartaigh – ACM 1410.19: Domhnall mac Aedha Ui Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do mharbhadh la cloinn Briain Uí Fhlaithbertaigh ina oireachtus fein.
  • ACM 1417.5: Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbertaigh, Ruaidhri mac Diarmada Duibh Uí Flaithbertaigh, & sé fir dhécc d' Uíbh Flaithbhertaigh imaille friú do bháthadh for Chuan Umhaill.
  • Murchad mac Brian Ó Flaithbheartaigh – ACM 1419.11: Murchadh mac Briain Uí Fhlaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht d'ég.
  • ACM 1422.5: Domhnall Find Ua Flaithbheartaigh do mharbhadh la cloinn Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh
  • ACM 1439.17: Eoghan O Flaithbertaigh do mharbhadh ar a leabaidh isin oidhche i f-fiull[3] la sgoloicc[4] dia mhuintir fein.
  • Gilla Dubh Ó Flaithbheartaigh - ACM 1442.7: O Flaithbheartaigh .i. An Giolla Dub mac Briain tighearna Iarthair Connacht do écc.
  • ACM 1503.21: Tadhcc Boirneach, Murchadh, & Mathghamhain, clann Mathgamhna Í Briain, [srl]... do dhol la mac Uí Flaithbertaigh .i. Eoghan i n-Iarthar Connacht co sochhaidhe moir... i n-aghaidh a bhraithrech... [ach] torchratar clann Mathgamhna Í Bhriain, & Eoghan Ó Flaithbhertaigh lá Muintir Flaithbheartaigh...
  • Áodh Ó Flaithbheartaigh, fl. 1538
  • ACM 1542.15: Tanaic lucht luinge faide do denamh foghla & cena a h-Iarthar Chonnacht h-i t-Tír Chonaill...

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Connolly, S. J. (1992). "Religion, Law, and Power: The Making of Protestant Ireland 1660–1760". Clarendon Press. 
  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 133–134. ISBN 978-1-84682-098-4
  • Ruaidhrí Ua Flaithbheartaigh, A Chronological Description of West or Iar Connaught, 1684

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Joyce Family Timeline". Tribe Joyce Network (28ú Samhain 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-02. Dáta rochtana: 2021-06-09.
  2. Connolly, 1992, lch. 212.
  3. .i. go fealltach
  4. scológ1 , feirmeoir srl., ar teanglann.ie FGB


Teimpléad:Ríocht na gConnacht