Cathal Crobhdhearg Ua Conchobhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal Crobhdhearg Ua Conchobhair

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. Samhain 1152
Bás24 Bealtaine 1224
71 bliana d'aois
Tréimhse amaGlúin an 13ú aois agus glúin an 12ú aois
Teaghlach
CéileMór Ní Briain Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFelim mac Cathail Crobdeirg Ua Conchobair, Aodh Ó Conchúir, iníon anaithnid Ní Chonchobhair Cuir in eagar ar Wikidata
AthairToirdhealbhach Ua Conchobhair  agus Dearbhfhorghaill Nic Lochlainn

Rí Chonnacht ab ea Cathal Crobhdearg Ua Conchobhair (1153-1224), an mac is óige ag Ard Rí na hÉireann, Toirdhealbhach mac Ruaidhrí Ua Conchobhair.[1]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba Rí Chonnacht é ón bhliain 1189 go 1199, agus ath-insealbhaíodh é ar an gcloch i gCluain Mhalais c.1201, agus bhí sé i gceannas go dtí 1224. tháinig sé i gcomharbacht ar Chonchobar Máenmaige, mac a leathdheartháir is sine, Ruaidri, mar rialtóir Chonnacht. Ansin, rialaigh Cathal, mac Conchobar Máenmaige, ó 1199 go 1202, agus ina dhiaidh sin d'fhill Cathal Crobhdhearg ar ais i gcumhacht. Óna bhonn in iarthar na Sionainne, bhí air déileáil leis na hionróirí Normanacha. Ba cheannaire inniúil é in ainneoin fadhbanna, ag seachaint coimhlintí móra agus a fáil an bhua amach i  mionchoimheascair. D'fhéach Uí Chonchobair leis an chuid is fearr a dhéanamh den chúrsa nua mar a bhí anois ann, Éire roinnte idir rialtóirí Normanacha agus Gaelacha. B'fhéidir gur comhartha ratha é a réimeas fada ar an-dul chun cinn faoina cheannasaíocht siúd. . Tháinig sé i gcomharbacht air a dheartháir níos sine Ruaidri, rí Rí Chonnacht roimhe seo. Is é a bhi mar ábhar an dáin 'King Cahal Mór of the Wine-Red Hand' le Séamus Ó Mangáin.

Bhunaigh sé Mainistir Bhaile an Tobair sa bhliain 1216, agus tháinig a mhac, Aedh mac Cathal Crobdhearg Ua Conchobair i gcomharbacht air. Fuair a bhean chéile Mór Ní Bhriain, iníon rí Thuamhumhan, Domnall Mór Ua Briain, bás sa bhliain 1218.

Sa bhliain 1224, scríobh Cathal go hAnraí III, Tiarna na hÉireann, ag iarraidh go dtabharfaí Connachta go léir dá mhac agus oidhre Aedh, go háirithe na codanna sin, i mBréifne, faoi úinéireacht William Gorm de Lacy.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jaski, B.: Early Irish kingship and succession. Dublin, 2000.
  2. Text of 1224 letter; appendix 2 in "A History of Ireland" by Eleanor Hull (1931)