Mainistir Bhaile an Tobair
Mainistir Bhaile an Tobair | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Abtheach | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile an Tobair, Éire | |||
| ||||
ID GeoNames | 7302572 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | ballintubberabbey.ie | |||
Is mainistir ríoga í Mainistir Bhaile an Tobair atá lonnaithe dhá chiliméadar thoir thuaidh ón sráidbhaile, Baile an Tobair, i gContae Mhaigh Eo.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh an rí, Craobhdearg Uí Chonchubhair (nó Cathal Crobdearg Ua Conchobair) an mhainistir sa bhliain 1216.[2]
Cé go ndearnadh go leor damáiste ar an mainistir agus gur cuireadh faoi chois í i rith an Reifirméisin, lean Caitlicigh ag úsáid na mainistreach, fiú i rith thréimhse na bPéindlíthe. Tá sé ráite go raibh Seán na Sagart curtha i Mainistir Bhaile an Tobair, thíos faoi chrann mór inniu.[2] Athchóiríodh an séipéal agus cuireadh díon nua air in am do chomóradh 750 bliain sa bhliain 1966.
In 1997 athchóiríodh Teach na Caibidle agus limistéar an Dórtúir agus cuireadh díon orthu.
Phós Pierce Brosnan san áit.
Rinneadh athchóiriú ar an sciathán thoir ar fad roimh cheiliúradh an ocht gcéid in 2016.
Inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé ráite gurb é an t-aon séipéal in Éirinn a bhí bunaithe ag rí agus atá fós á úsáid sa lá atá inniu ann.[2]
Tá músaem beag ann. Tá roinnt rudaí suimiúla le feiceáil taobh amuigh den mhainistir, ina measc turas na croise, Mainséar buan agus slí an phaidrín.
Is í an tseanmhainistir túsphointe an tslí oilithreachta go cruach Phádraig ar a dtugtar Tochar Phádraig a bhí ligthe i ndearmad le fada ach atá anois beo arís mar oilithreacht trasna na tíre agus mar shiúlóid thurasóireachta.[2]
Féeach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ballintubber Abbey" (en-US). Ballintubber Abbey. Dáta rochtana: 2021-04-01.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Tourmakeady.com. "BAILE AN TOBAIR". www.tourmakeady.com. Dáta rochtana: 2021-04-01.