Maigh Sheola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Luath-dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Tuath sna Connachta na meánaoise ba ea Maigh Sheola, aitheanta fosta mar Uí Bhriuin Seola.

Bhíodh a cuid tailte suite le taobh bhruach thoir Loch Coirib i gContae na Gaillimhe. Ar a teorainn thoir, bhíodh Soghain, do-thuath Uí Maine. Shíneadh í go garbh ó Dhroichead an Chláirín ó dheas go dtí Cnoc Meadha ó thuaidh.

De shliocht Uí Bhriúin Sheola ba ea a taoisigh ar a gaistí sna hannála idir "rí Uí Briúin" agus "rí deisceart Chonnacht". Den chlann a d'éirigh ina Clann Cosgraigh ba ea na ríthe is luaite a bhfuil taifid. Níos deireanaí, ámh, tháinig chun cinn ríthe den chlann a d'éirigh ina Muintir Murchadha, faoina taoisigh Uí Fhlaithbheartaigh.

Bhíodh Muintir Murchadha lonnaithe ag Loch Cime go dtí gur chuir ionsaí de Burgo an ruaig orthu siar sa 13ú haois. De réir an staraí den 17ú haoise Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, measadh gur de chuid Iar Connacht roimh an ionsaí úd í Maigh Seóla.

Ríthe Mhaigh Sheola[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí sna hannála[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ACM 990.7: An ghaeth do shlucadh insi Locha Cimbe co h-oband i n-aon-uair, cona dreich & sonnach .i. trichat traighedh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught written A.D. 1684 by Roderic O'Flaherty ESQ with notes and Illustrations by, James Hardiman M.R.I.A., Irish Archaeological Society, 1846.
  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, pp. 133–134. ISBN 978-1-84682-098-4

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]