Áed in Gai Bernaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÁed in Gai Bernaig
Beathaisnéis
Bás1067 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteRuairí Ó Conchúir Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTadhg an Eich Ghil

Rí na gConnacht ba ea Aodh an Gha Bhearnaigh Ó Conchúir (Meán-Ghaeilge Áed in Gai Bernaig Ua Conchobair). Tadhg an Eich Ghil ba ea a athair. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 1046 go dtí 1067.

Tháinig Aodh i gcomharbacht ar Art Ualach Ó Ruairc, maraithe ag Cineál Chonaill.[1]

I mí na Nollag 1061, tháinig Aodh slán as ionradh a rinne Muintir Mhurchadha Uí Bhriúin. Cuireadh an ruaig ar an muintir úd go hIar Connacht dá bharr.[2] Mharaigh an mhuintir chéanna Tadhg, mac Aodha, i mí Bealtaine 1062.[3]

Sa bhliain 1067, d'éag Aodh i mbun troda in éadan Aodha mhic Airt Uallaigh Ó Ruairc, a d'éirigh ansin ina rí Chonnacht.[4]

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

féach ...

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leabhar na nGinealach
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Annála Loch Cé
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, 3ú heagrán athbhreithnithe, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001. ISBN 978-1-85182-196-9
  • Freya Verstraten, Ua Conchobair, in Seán Duffy (eag.), Medieval Ireland: An Encyclopedia. Routledge. 2005. Ll. 464–6Ua
  • Ailbhe Mac Shamhrain, Ua Conchobair, Aid in Gai Bernaig, in Dictionary of Irish Biography, 2010, ll. 567–569

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 1046.2
  2. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1061.11, 12, 13
  3. ACM 1062.5
  4. AU 1067.4


Réamhtheachtaí
Art Uallach Ua Ruairc
Rí na gConnacht
1046–1067
Comharba
Áed Ua Ruairc

Teimpléad:Connachta