Tadhg mac Conchúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tadg mac Conchobair)
Infotaula de personaTadhg mac Conchúir
Beathaisnéis
Bás900
Teaghlach
PáisteCathal mac Taidhg Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConchúr mac Taidhg Mhóir

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Tadhg mac Conchúir (Sean-Ghaeilge Tadg mac Conchobair (bás 900). He was the son of Conchúr mac Taidhg Mhóir (bás 882), iar-rí, ba ea a athair. Tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Aodh (bás 888).[1][2] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 888 go dtí 900.

Bhí a dheartháir maraithe agus é ag troid in éadan na Lochlannach ar son an Ardrí. Tuairiscítear sna hannála sin bhliain 891 gur chloígh fir thuaisceart na gConnacht, Uí Amalgada de chlann Uí Fiachrach ach go háirithe, airm Lochlannacha agus gur mharaigh a gceannaire.[3]

Bhí na Connachta de ghnáth faire réir Ardríthe Uí Néill high le linn na tréimhse seo. Sa bhliain 897, rinne an tArdrí Flann Sionna (bás 916) ruathar ar an Connachta agus glac sé a ngealltanais.[4] Sa bhliain 899 áfach, rinne na Connachta ionsaí san Iarmhí ach cloíodh iad ag Áth Luain.[5] Nascann Annála na gCeithre Máistrí an ruathar seo le hathbheochan aonach na gConnacht ag Tadhg.[6] Insítear sna hannála gur éag Tadhg an bhliain dár gcionn extenso dolore.[7]

Bhí Cathal mac Taidhg (bás 973) ina rí Chonnacht fosta. Más fíor gur mac le Tadhg é, fuair sé bás trí bliana is seachtó tar éis a athar. Moltar de rogha ar sin gurbh é Cathal mac Taidhg (rí 925-956) mhic Cathail (rí 900-925) mhic Conchúir (rí 872-882) a bhí i gceist.

Tagairtí sna hAnnála[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ACM 894.9: Athnuadhucchadh aenaigh Connacht la Tadhg, mac Conchobhair

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ó Corráin, lch. 179
  2. Byrne, Tábla 20
  3. Chronicum Scotorum, CS 891
  4. CS 897
  5. CS 899
  6. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 894.9 (tá na hannála seo cúig bliana as cor maidir le fíor-chroineolaíocht na tréimhse)
  7. Annála Uladh, AU 900.5


Teimpléad:Ó Conchobhair Teimpléad:Connachta