Lár-Pháirtí Náisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Páirtí polaitiúil gearrshaolach Éireannach ab ea an Lár-Pháirtí Náisiúnta (An National Centre Party as Béarla) a bhí ar an bhfód idir 1932 agus 1933. Úsáideadh an t-ainm Léag Náisiúnta na bhFeirmeoirí agus na nÍocóirí Rátái (National Farmers' and Ratepayers' League) ar dtús. Bunaíodh an páirtí i mí na Nollag 1932. Thacaigh roinnt mhaith Teachtaí Dála leis an bpáirtí nua, ceathrar ó Pháirtí na bhFeirmeoirí agus 13 Theachta Dála neamhspleách ina measc. Ba é Frank MacDermot, TD ó Ros Comáin, ceannaire an phairtí nua, agus Séamus Diolún, TD ó Dhún na nGall agus mac Sheáin Diolún go mór chun cinn.

Bhí an páirtí i bhfábhar

  • Banc Ceannais a bhunú
  • díbholsciú tar éis gearradh siar ar rátaí pá
  • an chaomhnaitheacht
  • deireadh leis an gcogadh tradála Angla-Éireannach
  • deireadh a chur le rátaí ar thalamh curaíochta

Bhí an páirtí go mór in éadan Fhianna Fáil, cé go raibh cosúlachtaí idir polasaithe an dá phairtí.

Toghadh 11 Theachta Dála de chuid an pháirtí in olltoghchán Eanáir 1933. Bhíodh gníomhaithe de chuid Fhianna Fáil (go minic le cabhair ó bhaill den IRA) ag cur isteach ar chruinnithe an pháirtí roimh an olltoghcháin. Ba iad na heachtraí seo, agus ionsaithe ar chruinnithe páirtithe eile, príomh-chúis bunú na Léinte Gorma. An aidhm a bhí ag na Léinte Gorma ná cruinnithe páirtithe coimeádaigh a chosaint. Cé gur sheas an Lár-Pháirtí Náisiúnta le Cumann na nGaedheal in éadan Fhianna Fáil, dhiúltaigh Frank MacDermot do chomhcheangal idir an dá pháirtí. Ach nuaír a chuir an rialtas cosc ar na Léinte Gorma i Lúnasa 1933, tháinig Cumann na nGaedheal, an Lár-Pháirtí Náisiúnta agus na Léinte Gorma le chéile chun páirtí nua, Fine Gael, a bhunú. Ceapadh MacDermot mar Leas-Uachtarán an pháirtí nua, ach níor réitigh sé ró-mhaith le polasaithe an pháirtí nua agus tar éis tamaill d'éirigh sé as chun bheith ina Theachta neamhspleách.

Olltoghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghchán Dáil Vótaí chéad Rogha Vóta % Áit Suíocháin Ceannaire
1933 126,909 9.2
11 / 153
Frank MacDermot

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]