An Sráidbhaile, Contae Laoise
Cuma
An Sráidbhaile, Contae Laoise | ||||
---|---|---|---|---|
An Sráidbhaile (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Laoise | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 80 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 28232 |
Is baile é an Sráidbhaile[1] (Béarla: Stradbally) i gContae Laoise, in Éirinn. Tá sé lonnaithe ar an mbóthar N80 thart ar 12 chiliméadar (7 míle) ó Phort Laoise. Tá Halla an tSráidbhaile, an teach mór, lonnaithe ar an mbaile. Is ann a bhíonn taispeántas bliantúil d'innill galoibrithe agus an fhéile cheoil sin an Phicnic Leictreach. Tá timpeall is 1,500 duine ina gcónaí ann.
Creideamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Séipéal Caitliceach an Chroí Rónaofa. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é agus críochnaíodh é sa bhliain 1896. Tá sé i bhfoirm croise agus deartha ag William Hague.
- Séipéal Naomh Pádraig, Eaglais na hÉireann. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é sa bhliain 1764 agus túr aige. Athchóiríodh é thart ar an mbliain 1880, agus cuireadh póirse, saingeal agus beistrí leis.
- Teampall Naomh Colmán, Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise lasmuigh den Rúis, Tá sé ar Bhóthar Mhainistir Laoise, thart ar mhíle lasmuigh den Stráidbhaile. Bíonn seirbhísí ann go seachtainiúil.
Daoine cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caoimhín Ó hUiginn, ón Sráidbhaile ó dhúchas
- Cecil Day-Lewis, File an Stáit de chuid na Ríochta Aontaithe ó 1968 go 1972, agus athair an aisteora Daniel Day-Lewis
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Sráidbhaile/Stradbally | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |