Language Freedom Movement

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bunaíodh an Language Freedom Movement (LFM) (Gluaiseacht Saoirse TeangaGST as Gaeilge) sa bhliain 1966. B'é Christopher Morris a bhí ina uachtarán ar na nGluaiseacht. Ba í aidhm na gluaiseachta ná cur in aghaidh athbheochan stát-urraithe na Gaeilge in Éirinn. Thacaigh na scríbhneoirí Gaeilge Séamus Ó Grianna ("Máire") agus John B. Keane leis an bhfeachtas.

Chuir lucht tacaíochta na Gaeilge isteach ar chruinnithe an LFM. I mí Lúnasa 1966, chuir lucht agóide isteach ar chruinniú agus chan siad "God Save the Queen" ag greannú iad siúd a bhí ag freastal ar an gcruinniú.

I mí Mheán Fómhair na bliana 1966, bhí cruinniú ag an LFM i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, ach bhí lucht an LFM báite i measc slua mór Gaeilgeoirí. Chuir agóideoirí na Gaeilge isteach ar an gcruinniú, ag caitheamh bhratach na Ríochta Aontaithe agus ag iarraidh bratach na hÉireann a bhaint ón stáitse. Tharla scliúchas beag freisin. Bhí an grúpa Misneach i measc lucht na Gaeilge.

Níor cuireadh ord ar an gcruinniú go dtí gur labhair Dónal Ó Móráin, ceannaire Gael Linn ón bpóidiam. Dúirt sé go mba cheart go mbeadh lucht an LFM ábalta caint ag a gcruinniú féin, má éistear le hargóintí na n-agóideoirí chomh maith. Ní dhearna na Gardaí faic chun smacht a chur ar an gcruinniú agus bhí plé faoi sin sa Dáil.

D'éirigh leis an LFM ceist na Gaeilge éigeantaí a chur ar an gclár oibre polaitiúil. Nuair a bunaíodh an LFM, fuarthas teip iomlán san Ardteistiméireacht tar éis teipe sa scrúdú Gaeilge. Cuireadh deireadh leis an nós sin sa bhliain 1973. Ón mbliain 1974 amach, ní raibh gá leis an nGaeilge chun poist a fháil sa Státseirbhís.

Ceaptar gur shásaigh na hathruithe seo lucht tacaíochta an LFM, mar bhásaigh an ghluaiseacht ina dhiaidh sin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]