Plé:Fine Gael

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Catagóir[athraigh foinse]

Cén fáth gur bhain tú an t-alt seo amach as Catagóir:Páirtithe polaitíochta, a Phanu? -- An Piscín 14:25, 12 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

- Gabh mo leithscéal, a Phiscín. Theastaigh uaim an amaidí a bhaint de a chuir "Cuir Mise an Locht ar na Tuistí" isteach, agus níor thug mé faoi deara go raibh tusa tar éis é a chur sa chatagóir sin. Ar ndóigh, bhí do chuid ceartuithe go maith go hiomlán, ach ar an drochuair, rinne tú iad i ndiaidh "Cuir Mise An Locht ar na Tuistí", nach bhfuil ag déanamh ach sabaitéireacht. Bhí tusa in ann cupla amaidí dá chuidsean a cheartú, agus chuir mé isteach arís iad, nuair a bhí an amaidí glanta, ach ar an drochuair, ní fhaca mé an catagóir.

Is é an chuma atá ar an scéal nach bhfuil "Cuir Mise an Locht ar na Tuistí" in ann Gaeilge cheart a úsáid, agus gur cuma sa diabhal leis. Mar sin, is cuid de mo rutine é gach rud a chuireann sé isteach a chur ar ceal arís ar an toirt, ós rud é go mbíonn sé ag cur na gramadaí ó mhaith.

Ar ndóigh, caithfidh an ceann seo a bheith sa chatagóir sin. Ach is fearr gach "ceartú" dá ndearna "Cuir Mise..." a chur ar ceal roimh aon cheartú de do chuid féin. Tá mo chroí briste aige, agus é ag cur drochghramadaí isteach níos túisce ná atá mé féin ábalta í a cheartú. Dháiríre tá mé idir dhá chomhairle an fiú dom bheith ag cur leis an Vicipéid agus an cineál loitiméireachta atá ar bun aigesean.Panu Petteri Höglund 14:36, 12 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

- A Phiscín: Chuir mé ar ais sa chatagóir é anois. Panu Petteri Höglund 14:38, 12 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]