Mairead McGuinness
Iar-Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus iar-Choimisinéir Eorpach is ea Máiréad Nic Aonasa nó Mairead McGuinness (a rugadh ar an 13 Meitheamh 1959 i nDroichead Átha). Tá sí ina ball d'Fhine Gael, páirtí atá ina bhall de Pháirtí an Phobail Eorpaigh.



Tús a saoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain sí céim amach sa Gheilleagar Talmhaíochta (COBÁC, 1980) agus Diploma i gCuntasaíocht agus Airgeadas (1984).
Bhí gairm bheatha aici sna meáin cumarsáide. Bhí sí ina iriseoir agus láithreoir teilifíse sna 1980idí–1990idí, ag obair ar an “Late Late Show”, “Ear to the Ground”, agus mar eagarthóir ar bhreisleabhair talmhaíochta san “Irish Independent” agus “Irish Farmers’ Journal”.
Sa Bhruiséil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh í chun Pharlaimint na hEorpa den chéad uair in 2002. Feisire Eorpach ba ea McGuinness, ar dtús mar Ionadaí don Toghcheantar An tOirthear[1] (2004–2014) agus ina dhiaidh sin do Iarthuaisceart-Lár na Tíre (2014–2020).
Bhí sí ina Céad-LeasUachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa (1 Iúil 2014 - Deireadh Fómhair 2020).[2][3] Ba ea McGuinness an chéad duine a bhí tofa i dtoghcháin na hEorpa 2019 in Éirinn agus 134,630 vóta céadrogha aici i dtoghlach an Láir Tíre-An Iarthuaiscirt.[4]
Ainmníodh í mar Choimisinéir Eorpach in 2020 (in áit Phil Hogan) agus mar chúraimí aici, Seirbhísí Airgeadais, Cobhsaíocht Airgeadais agus Margaí Caipitil an Aontais Eorpaigh.[5]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 15 Iúil 2025, fuair McGuinness ainmniúchán Fhine Gael mar iarrthóir don Uachtaránacht.[6] Bhí sí luaite leis an ainmniúchán le fada. Níor toghadh iarrthóir de chuid Fhine Gael ina uachtarán ar an tír riamh cheana.[7]
Ar an 14 Lúnasa, tharraing sí amach as an toghchán ar chúinsí leighis. Ní mór di, a dúirt sí, tús áite a thabhairt dá sláinte.[8]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá McGuinness pósta le Tom Duff, feirmeoir caorach, agus tá ceathrar páiste acu.
Níl Gaeilge líofa aici.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "East (European Parliament constituency)" (as en) (2024-05-25). Wikipedia.
- ↑ "Beirt le hainmniú ag an Rialtas don fholúntas do Choimisinéir Eorpach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-09-04). Dáta rochtana: 2024-06-11.
- ↑ "Vice-President of the European Parliament" (as en) (2025-06-21). Wikipedia.
- ↑ "McGuinness an chéad duine atá tofa ó dheas agus cor curtha ag Long i gcúrsaí ó thuaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-05-27). Dáta rochtana: 2025-07-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-25). "Jack Chambers ceaptha ina Aire Airgeadais in áit Michael McGrath" (as ga-IE).
- ↑ Muiris O'Cearbhaill (2025-07-15). "Mairead McGuinness first to enter Áras race as she's confirmed as Fine Gael's candidate" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2025-08-14.
- ↑ "Cinneadh déanta ag Mairéad McGuinness gan seasamh i dtoghchán na huachtaránachta de bharr cúrsaí sláinte" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-14). Dáta rochtana: 2025-08-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-08-14). "Mairéad McGuinness ag tarraingt amach as toghchán Uachtaránachta" (as ga-IE).