Jump to content

Marian Harkin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMarian Harkin
Beathaisnéis
Breith26 Samhain 1953
72 bliana d'aois
Baile an Tóchair (Éire)
Minister of State at the Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science (en) Aistrigh
25 Feabhra 2025 –
Teachta Dála
29 Samhain 2024 –
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil

Toghcheantar: Sligeach–Liatroim

Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Sligeach–Liatroim

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

1 Iúil 2014 – 1 Iúil 2019
Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa


Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

14 Iúil 2009 – 1 Iúil 2014
Téarma parlaiminte: Seachtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: an tIarthuaisceart

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

20 Iúil 2004 – 30 Iúil 2009
Téarma parlaiminte: Séú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: an tIarthuaisceart

Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: Sligeach–Liatroim

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
Cathair na Bruiséile Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmathematics teacher (en) Aistrigh, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách
Páirtí Daonlathach na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinmarianharkin.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: marianharkin X: MarianHarkin Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir as Contae Shligigh í Marian Uí Earcáin,[1] nó Marian Harkin as Béarla (a rugadh ar 26 Samhain 1953). Bhí sí ina Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa. Is Teachta Dála neamhspleách í, a ndéanann ionadaíocht ar son Shligigh agus Liatroma.

2003
202

Rugadh Uí Earcáin i mBaile an Tóchair, Contae Shligigh, ar an 26 Samhain 1953 Rinne sí staidéar i gCOBÁC, áit ar bhain sí céim Baitsiléara Eolaíochta amach sa gheolaíocht.

D'oibrigh sí mar mhúinteoir matamaitice i gColáiste na Trócaire, Sligeach ar feadh 23 bliain.

Toghadh í mar TD neamhspleách do Shligeach-Liatroma ag olltoghchán 2002, agus fuair sí an líon ba mhó vótaí céadrogha sa toghcheantar.

2002-2007: Bhí sí ina Teachta Dála do thoghcheantar Shligigh-Liatroma

2004-2019: Ag toghchán Pharlaimint na hEorpa 2004, toghadh í mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) don toghcheantar Thuaidh-Thiar, toghta ar an gceathrú comhaireamh. D'fhóin sí mar (FPE) ó 2004 go 2019.

Idir 2004-2007: Bhí sí ag obair mar TD agus mar FPE araon le linn na tréimhse seo.

2007: Níor sheas sí in olltoghchán 2007, chun díriú ar a ról mar FPE .

2007-2019: Bhí sí mar FPE amháin. Bronnadh gradam "FPE na Bliana" uirthi i 2011 agus 2012 as a hobair choiste sa Pharlaimint agus a ról i gcur chun cinn na hoibre deonacha ar fud an Aontais Eorpaigh.

2020: Atoghadh í chun na Dála ag olltoghchán 2020 agus arís in 2024.

I mí Feabhra 2025, ceapadh Uí Earcáin mar Aire Stáit sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Marian Harkin mar chuid den rialtas nua a bunaíodh idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách.

Ar an 29 Eanáir 2025, ceapadh Harkin ina aire stáit, ag plé le breisoideachas, i Rialtas an 34ú Dáil.[2]

Thacaigh Harkin le Maria Steen, iarrthóir i dToghchán na hUachtaránachta 2025 agus i bhfad amach ar an eite dheis, “Mar bhall den Oireachtas tá dhá vóta agamsa sa toghchán uachtaránachta agus bainfidh mé leas as an bpéire -ceann chun duine a ainmniú le bheith ar an bpáipéar ballóide, sa gcás seo Maria Steen, agus an ceann eile le vótáil do mo rogha féin iarrthóra, Heather Humphreys,” a dúirt Harkin.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Oireachtas (20 Deireadh Fómhair, 2021). "An Bille um Chomhar Creidmheasa (Leasú), 2021".
  2. ↑ "An líon is mó airí stáit riamh ceaptha – aireacht na Gaeltachta á coimeád ag Calleary" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-29). Dáta rochtana: 2025-01-29.
  3. ↑ "Fuinneamh faoi fheachtas Maria Steen lena hainm a chur ar an bpáipéar ballóide" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-23). Dáta rochtana: 2025-09-24.