Jo Cox
Jo Cox | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Bealtaine 7, 2015 - Meitheamh 16, 2016 Dúiche: Batley and Spen (en) ![]() Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015 | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Helen Joanne Leadbeater | ||
Eolas breithe | Batley, 22 Meitheamh 1974 | ||
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe | ||
Teanga dhúchais | an Béarla | ||
Bás | Leeds General Infirmary (en) ![]() | ||
Cúis bháis | dúnmharú (sádh) | ||
Maraithe ag | Thomas Mair | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí | Brendan Cox Meitheamh 16, 2016) | ||
Siblíní | liosta iomláin | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Pembroke College (en) ![]() London School of Economics Heckmondwike Grammar School (en) ![]() | ||
Teangacha | an Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | polaiteoir | ||
Áit oibre | Londain | ||
Cleamhnú | |||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre | ||
IMDb | nm8195241 | ||
jocox.org.uk | |||
Jo_Cox1 |
Ba Fheisire Parlaiminte í Jo Cox de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, a rugadh ar 22 Meitheamh 1974 . Feallmharaíodh í ina toghcheantar féin, i mBirstall, Yorkshire Thiar, tamall gearr roimh an reifreann ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.[1]
Bhéic an t-ionsaitheoir,Thomas Mair, na focla "Túsáite don Bhreatain" nó 'Britain First' agus é á hionsaí. Chaith sé trí philéar leis an bhfeisire óg sular sháigh sé cúig uaire déag í. Maraíodh í taobh amuigh den leabharlann ina raibh sí ag casadh le muintir an toghcheantair tráthnóna.
Ní raibh de chúis ag Mair an mháthair óg a ionsaí go fíochmhar le gunna agus scian ach gur theastaigh uaidh go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach agus go raibh an reifreann sin ar siúl ag an am.[2] Bhí caint ainmheasartha san aer ag an am ag brú miotas na ríochta uilechumhachtaí agus bhí tionchar aige sin ar mheon an dhúnmharfóra gan dabht.
Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Toghadh Cox i dtoghchán na bliana 2015.[3] D’fhreastail sí ar Ollscoil Cambridge agus bhíodh sí ina comhairleoir ag Sarah Brown, deirfiúr an iarPhríomh-Aire Gordon Brown, agus an Banbharún Kinnock sular toghadh ina feisire í.
Bhí an feisire Cox ar dhuine den bheagán a labhair amach go hoscailte, bríomhar faoi na buntáistí a bhain an Bhreatain as inimirce.[4]
Chaith Cox a saol i mbun seirbhíse & feachtais ar son daoine eile sa bhaile agus i gcéin. Polaiteoir óg, ar sheol na braiche, máthair beirt chlainne, ba ea Cox. Bean 41 bhliain a bhí í Jo Cox a bhí pósta le Brendan Cox.[5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ RTÉ (2016-06-16). "Stocaireacht an Taoisigh sa Bhreatain ar atráth" (as ga).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin. "Bímis cúramach gan a dhul thar fóir leis an drochíde ar pholaiteoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ "Feisire Parlaiminte tar éis bháis i dtuaisceart Shasana de bharr a hionsaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin. "BREXIT: Ní hionann agus polasaí ‘fearg agus faitíos’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ "MP Jo Cox básaithe tar éis ionsaí gunna agus sceana" (as ga) (2016-06-16).