Solon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Solon
Ignoto, c.d. solone, replica del 90 dc ca da orig. greco del 110 ac. ca, 6143.JPG
archon eapainmneach

594 "RCh" - 593 "RCh"
Saol
Eolas breitheAn Aithin, thart ar 638 BC, Anaithnid, thart ar 630 BC
NáisiúntachtAn Aithin Chlasaiceach
BásAn Aithin, thart ar 558 BC, 559 BC, thart ar 560 BC
Muintir
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Gairm
Gairmreachtóir, saineolaí dlí, file, scríbhneoir, polaiteoir, fealsamh agus marbhnach
Discogs ID4778346

Ba státaire de bhunadh na hAithne, reachtóir, agus file é Solon (/ soʊlɒn, soʊlən /; Gréigis: Σόλων; c 638 – c. 558 BC). Tá eolas ar Solon teoranta d'uireasa faisnéise agus fianaise seandálaíochta a chlúdaíonn na hAithne, sa luath 6ú haois RC. Bhain sé sult as filíocht a scríobh, mar bholscaireacht tírghrá, agus le haghaidh a leasuithe bunreachtúla a chosaint. Ar an drochuair, níl fágtha againn anois ach blúirí dá chuid oibreacha. Dealraíonn sé go léiriú iad d' idirsleachta, cumtha ag údair níos déanaí ar aghaidh, agus is féidir go bhfuil blúirí curtha síos dó, go mícheart. Bíonn cuimhne aor ach go háirithe le haghaidh a chuid iarrachtaí chun reachtaíochta a chur i bhfeidhm in aghaidh meatha pholaitiúil, eacnamaíocha, agus mhorálta san Aithin ársa. Theip ar a leasuithe sa ghearrthéarma, ach is minic a fhaigheann sé an chreidiúnt as bunsraith dhaonlathas na hAitne a leagadh síos. Is iad na húdair ársa ar nós Héaradatas agus Plútarc na príomhfhoinsí faisnéise, cé gur scríobh siad faoi Solon i bhfad tar éis a bháis, ag am nuair nach raibh smacht acadúil bainteach leis an stair. Bhí claonadh ag óráidithe sa Ceathrú hAois, ar nós Aischines, na dlíthe go léir dá gcuid féin a lua le Solon. Nochtann an seandálaíocht spléachaidh dúinn de thréimhse Sholon i bhfoirm inscríbhinní neamhiomlán, ach is beag eile atá againn. I gcás roinnt scoláirí, níl in "ár n-eolas" ar Sholon ach togán ficseanúil bunaithe ar easpa fianaise agus creideann daoine eile gur féidir moll mór eolais a chur ina leith. agus bíonn suim ag mic léinn staire i dtréimhse Sholon agus iad ag tabhairt faoi ceisteanna ar teorainneacha agus nádúr na staire.