Constaintín Mór (Impire na Róimhe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Constaintín Mór (Impire na Róimhe)
0 Gaius Flavius Valerius Constantinus - Palatino.JPG
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe


Impire Rómhánach

Iúil 25, 306 (Gregorian) - Bealtaine 22, 337 (Gregorian)
pontifex maximus (en) Aistrigh

Iúil 25, 306 - Bealtaine 22, 337
Impire Biosántach

Meán Fómhair 19, 324 - Bealtaine 22, 337
← no value - Constantius II (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlán Flavius Valerius Constantinus
Eolas breithe Nís, Feabhra 27, 274
Náisiúntacht An tSean-Róimh
Bás Nicomedia (en) Aistrigh, Bealtaine 22, 337
Áit adhlactha Church of the Holy Apostles (en) Aistrigh
Cúis bháis bás nádúrtha
Muintir
Athair Constantius Chlorus
Máthair Helena Augusta
Céile/Céilí Minervina (en) Aistrigh
Fausta (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Treibh Constantinian dynasty (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Laidin
Gairm
Gairm polaiteoir, saighdiúir agus
Féile
21 Bealtaine agus 6 Aibreán
Creideamh
Reiligiúin An Chríostaíocht
creidimh na Sean-Róimhe

Ba é Constaintín MórConstaintín I, nó Flavius Valerius Constantinus Impire na Róimhe idir 306 AD agus 337 AD. Rugadh é timpeall na bliana 280 AD i Niš (Naissus, Seirbia) agus d'éag sé ar 22 Bealtaine 337 AD. Ba eisean an chéad impire de chuid na Róimhe a ghlac leis an gCríostaíocht agus ba é a chinn ar leas a bhaint as an fiche cúigiú lá de mhí na Nollag mar dháta seasmhach na féile.

Críostaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Constaintín cáil ar leith amach de bharr gur bhain an t-arm Rómhánach faoina stiúir úsáid as comhartha Críostaíochta don chéad uair, ag cath Milvio[1]. Chloí sé ann a namhaid Maxentius, ar 28 Deireadh Fómhair 312 AD.

An bhliain dár gcionn, 313 AD, tugadh cead do na Críostaithe a gcreideamh a chleachtadh san Impireacht Rómhánach.

Chuir Constaintín An Chéad Comhdháil Nicea ar bhun sa bhliain 325 AD, rud a raibh tionchar ollmhór aige ar fhorbairt na Críostaíochta.  Mar sin, bhunaigh sé Féile na Nollag, dar le Seán Ua Cearnaigh[2].

Riarachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Róimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Constaintín a chuir i gcrích an Bhaisleac Nova[3] sa Róimh tar éis na bliana 313 AD.[4]

Thóg an tImpire Constaintín Baisleac Naomh Peadar i 330 A.D. ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn.[5]

Cathair Chonstaintín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhog Constaintín ardchathair na himpireachta as an Róimh go dtí an Bhiosáint. Bunaíodh an chathair sa bhliain AD 324. Tiomnaíodh í ar 11 Bealtaine 330 agus athainmníodh an chathair, Cathair Chonstaintín, in ómós don impire.

Thug Constaintín Mór bonn nua isteach, an soladas.[6] Choinnigh an soladas an meáchan agus an t-ábhar miotail lómhair a bhí ann ó thús suas go dtí lár an 11ú céad. Dá bhrí sin, bhí a cháil amuigh agus bhí sé ar an mbonn ba thábhachtaí a bhí in úsáid do thrádáil idirnáisiúnta ar feadh cúig chéad bliain.

Bás agus Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag Constaintín ar 22 Bealtaine 337 AD in Nicomedia (izmir inniu).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Battle of the Milvian Bridge" (in en) (2020-05-13). Wikipedia. 
  2. Feasta 58 (12), lch 11-12. Seán Ua Cearnaigh
  3. "Basilica of Maxentius" (in en) (2020-05-15). Wikipedia. 
  4. "[httpː//www.examinations.ie Ardteist - Léann Claisiceach]" (2012). Dáta rochtana: 2020.
  5. "Taisí Naomh Peadar" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-22.
  6. BCE. "COBHSAÍOCHT PRAGHSANNA : CÉN T-ÁBHACHT ATÁ ANN DUITSE ?". Dáta rochtana: 2020.