Magna Carta
Magna Carta agus Magna charta libertatum | |
---|---|
Cineál | cairt, conradh agus lámhscríbhinn |
Tír | Ríocht Shasana |
Teanga | Laidin na meánaoise |
Bailiúchán | An Leabharlann Bhriotanach, Ardeaglais Lincoln agus Ardeaglais Salisbury |
Cruthú | 15 Meitheamh 1215 |
Is bille na gceart í an Magna Carta' (Gaeilge: An Chairt Mhór) ón 13ú haois. Chuir tiarnaí cumhachtacha iachall ar an rí cáipéis chearta, ar tugadh an ‘Magna Carta’ uirthi ag an am, a shíniú ar an 15 Meitheamh 1215.[1] Mar sin, neartaigh tionchar na parlaiminte níos tapúla ná mar a tharla i dtíortha eile san Eoraip.
Cúlra ː Aighneas leis na mBarúin
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh gur éirigh leis Éirí Amach na Breataine Bige a chur faoi chois sa bhliain 1211, agus deireadh a chur leis an aighneas leis an Phápa, dhírigh Eoin a chuid airde chuig a shealúchas thar sáile.
Chríochnaigh cogaí na hEorpa leis an bhriseadh ag Cogadh Bhouvines (1214), agus bhí ar Eoin glacadh le síocháin neamhfhabhrach leis an Fhrainc.(Fuair Anraí V, Ri Shasana, an Normainn agus an Acatáin ar ais sa bhliain 1420).
Thiontaigh an briseadh ag Bouvines móramh na mbarún i gcoinne Eoin; bhí cuid acu ina aghaidh ón am a bhí Eoin coinnealbháite ag an Phápa. D'aontaigh na barúin le chéile agus d'éiligh siad lamháltais.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag deireadh na hidirbheartaíochta, Síníodh an Chairt Mhór i Runnymede (in aice le WIndsor) ar an 15 Meitheamh - 18 Meitheamh 1215 idir an rí, Eoin Shasana, agus na barúin i Sasana.
Bhí drogall ar an rí chun an an Magna Carta a shíniú is cosúil. Ghlac sé roinnt ama agus na daoine go léir bailithe leo, go dtí go raibh na cáipéisí deireanacha ullmhaithe ag na cléirigh a d'oibrigh in oifigí an rí, agus bhí orthu iad a sheoladh faoi 'Shéala an Rí', chuig na 'n-oifigeach cuí'. (san aimsir sin ní raibh conradh nó doiciméad oifigiúil gan séala a bheith greamaithe ar a bhun).
Shínigh Eoin an Chairt faoi bhrú, áfach, agus mar gheall ar sin, thug an Pápa cead dó í a chuir ar ceal ag deireadh na cogaíochta.[2]
Cearta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ráthaigh an Magna Carta raon leathan cearta agus saoirsí d'fhir shaora na ríochta,[3] go háirithe.
"No freeman shall be taken or imprisoned or disseised (díshealbhaithe) or outlawed or exiled, ... but by the lawful judgement of his peers".
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eoin Shasana
- Magna Carta Hiberniae
- Chun téacs na céad cairte Sasanaí a léamh, gabh chuig léiriú de chuid Leabharlann na Breataine.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cathal Mac Coille (2017). "‘Fog in the channel – Continent cut off’ – Theresa May agus a slaitín draíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-12.
- ↑ "The papal bull annulling Magna Carta". The British Library. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-08. Dáta rochtana: 2020-11-12.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁ¢. "Magna Carta" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-12.
- ↑ "Magna Carta". The British Library. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-11. Dáta rochtana: 2020-11-12.