Díscaoileadh na Mainistreacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDíscaoileadh na Mainistreacha
Íomhá
Cineállegal act (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1536 - 1541


Mainistir Bheigtí i gContae na Mí - Ceann de na chéad mhainistreacha a cuireadh faoi chois le linn an díscaoilte in Éirinn.

B'ionann Díscaoileadh na MainistreachaCur faoi Chois na Mainistreacha, agus an próiseas foirmiúil idir 1536 agus 1541 trínar chuir rí Shasana, Anraí VIII, deireadh le pobail na manach i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus sa chuid sin d'Éirinn a bhí faoi smacht na corónach ag an am sin, chomh maith lena maoin a choigistiú. Bronnadh an t-údarás air chuige seo leis an Acht Ardcheannais a rith an Pharlaimint sa bhliain 1534, rud a chiallaigh go raibh Anraí mar Cheann Ardcheannasach na hEaglaise, agus leis an gCéad Acht um Chur faoi Chois (1536) agus an Dara hAcht um Chur faoi Chois (1539).