Cogadh Céad Bliain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Cogadh Céad Bliain
An Cogadh Céad Bliain
Dáta: 13371453
Áit: An Fhrainc agus an Ísiltír
Toradh: Bua Rítheaghlach Capet de Valois.
Céilí comhraic
France moderne.svg Teaghlach de Valois
Tacaithe ag:
France moderne.svg An Fhrainc
Royal coat of arms of Scotland.svg Ríocht na hAlban
Escudo Corona de Castilla.png An Chaistíl
CoA civ ITA milano.png Poblacht Ghenova
Armoiries Majorque.svg Mallarca
Small coat of arms of the Czech Republic.svg An Bhoihéim
Aragon Arms.svg An Aragóin
COA fr BRE.svg An Bhriotáin (Blois)
Royal Arms of England (1399-1603).svg Teaghlach na bPlantaigíneach
Tacaithe ag:
Royal Arms of England (1399-1603).svg Sasana
Blason fr Bourgogne.svg An Bhurgúin
Blason de l'Aquitaine et de la Guyenne.svg An Acatáin
COA fr BRE.svg An Bhriotáin (Montfort)
Armoires portugal 1385.svg An Phortaingéil
Blason Royaume Navarre.svg Navarre
Blason Nord-Pas-De-Calais.svg Flóndras
Hainaut Modern Arms.svg Hainaut
Luxembourg New Arms.svg Lucsamburg
Holy Roman Empire Arms-single head.svg Impireacht Naofa Rómhánach
Ceannasaithe
{{{ceannasaí1}}} {{{ceannasaí2}}}
Slua
145.000 fear 200.000 fear
Taismigh
59.000 básanna agus gortaithe: 53.000 básanna agus gortithe:

Sraith coimhlintí a troideadh thar tréimhse de chéad agus sé bliana déag (idir 1337 go 1453) ba ea An Cogadh Céad Bliain, ina raibh dhá ríshliocht, Teaghlach na bPlantaigíneach agus Ríora Chapetach de Valois, i gcoimhlint lena chéile. Ní hamhlaidh, áfach, go raibh cogadh gan sos ar siúl ar feadh na tréimhse go léir, mar ba mhinic a tharla tréimhsí fada síochána, sa dóigh nach raibh cogaíocht ar bun ach timpeall leath an ama sin. Bhí sé ar cheann de na coimhlintí is suntasaí sa Mheán-Aois, ina raibh cúig ghlún de ríthe ó dhá chéile comhraic ag troid ar son na ríchathaoireach den ríocht is mó in Iarthar na hEorpa. Cé nár thit aon cath mór amach tar éis na bliana 1453, níor cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an gcoinbhleacht go dtí gur síníodh an Conradh Picquigny (Fraincis:Le Traité de Picquigny) idir Ríocht Shasana agus Ríocht na Fraince ar an 29 Lúnasa, 1475.

Tar éis Concas na Normannach ar Shasana, ba vasáilligh iad ríthe Shasana, faoi oibleagáid ríthe na Fraince le haghaidh a gcuid sealúchas sa Fhrainc. Bhí iarracht déanta ag ríthe na Fraince, thar na céadta bliain, na sealúchais seo a laghdú, go dtí nach raibh fágtha ach Gascogne i seilbh Theaghlach na bPlantaigíneach. An Diúcacht seo á choigistiú nó é a bhagairt a bhí mar chuid de bheartas na Fraince chun cosc a chur leis an bhfás ar chumhacht Shasana, go háirithe aon uair a bhí Sasana ag fógairt cogaidh ar Ríocht na hAlban, comhghuaillí na Fraince.

Tríd a mháthar, Isabella na Fraince (Fraincis:Isabelle de France), ba ua é Éadbhard III Shasana (Béarla:Cló iodálachEdward III), d'Philib IV na Fraince (Fraincis:Philippe IV) agus nia Shéarlas IV na Fraince (Fraincis:Charles IV), an rí deireanach ar an líne sinsearach de Thealach na gCapeteach. Sa bhliain 1316, bunaíodh prionsabal a chur cosc ar mhná comharbas ar ríchathaoir na Fraince a ghlacadh. Nuair a fuair Séarlas IV bás sa bhliain 1328, ní raibh Isabella in ann ríchathaoir na Fraince a éileamh di féin, ach d'éiligh sí é ar son a mic. Dhiúltaigh an Fraince an t-éileamh, ag maíomh nach bhféadfaí Isabella ceart nach raibh aici a tharchur. Ar feadh thart ar naoi mbliana (1328-1337), ghlac na Sasanaigh le chomharbas Valois chun na ríchathaoireach. Ach, toisc an cur isteach a rinne rí na Fraince, Pilib VI, ar chogadh Edward III i gcoinne na hAlban faoi stiúir Éadbhard III, d'athfhógair Éadbhard a éileamh ar ríchathaoir na Fraince. D'ardaigh roinnt mórbhuanna na Sasanach sa chogadh - go háirithe ag Crécy, Poitiers, agus Agincourt- an dóchúlacht go mbeadh an bua sa deiridh acu. Mar sin féin, os rud é go raibh níos mó acmhainní ag na Francaigh, bhí siad in ann cosc a chur ar bhua iomlán na Sasanach. Ón bhliain 1429 ar aghaidh, bhain na Francaigh mórbhuanna cinntitheacha amach ag Patay, Formigny, agus Castillon agus cuireadh leis an chogadh i bhfabhar na Fraince, agus chaill Sasana go buan an chuid is mó dá sealúchais mhóra ar an mór-roinn.

Is minic, a roinneann staraithe an cogadh i dtrí chéim, deighilte de réir sosanna cogaidh : Cogadh na Ré Éadbhardaigh (1337-1360); |Cogadh Shéarlais (1369-1389); agus [[An Cogadh Céad Bliain (1415-53)|Cogadh Lancaster (1415-1ad453). I measc na gcoinbhleachtaí comhaimseartha sna gceantair máguaird, a bhí bainteach go díreach leis an choimhlint, bhí Cogadh Chomharbas na Briotáine (1341-1364), Cogadh Cathartha na Caistíle (1366-1369), Cogadh an Dá Pheadar (1356-1375) san Aragón , agus Géarchéim na mblianta 1383-1385 sa Phortaingéil . Níos déanaí, chum staraithe an téarma "Cogadh Céad Bliain '" mar tréimhsiú d’fhonn go gcuimseofar gach ceann de na himeachtaí seo, agus dá réir sin, tógadh an choimhlint míleata is faide sa stair.

Tá tábhacht stairiúil an chogaidh le brath ar tosca éagsúla. Faoi dheireadh an chogaidh, bhí trúpaí gairmiúla in ionad arm feodach den chuid is mó, agus cuireadh daonlathú ar bun ar acmhainní daonna agus uirlisí troda an airm, in áir smachta na huasaicme. Cé go raibh an choimhlint, go príomha ríoraíoch, spreag sí smaointe an náisiúnachais san Fhrainc agus Sasana. Tháinig iomaíocht armála agus teaicticí chun cinn in ionad marcshlua trom, a bhí i dtreis go dtí sin. Sháigh an choinbhleacht bunú, na n-arm seasta in Iarthar na hEorpa, den chéad uair, ó aimsir Impireacht Iartharacht na Róimhe, comhdhéanta den chuid is mó den chosmhuintir agus dá bhrí bhain na tuathánaigh ról níos tábhachtaí amach sa chogaíocht. Le himeacht na mblianta, chuir fórsaí polaitiúla Shasana gcoinne an fhiontar chostasaigh. I measc na gnéithe suntasacha a spreag Cogadh na Rósanna (1455-1487), bhí míshástacht na n-uaisle Sasanacha, faoin a gcuid gabháltas ilchríochach a chailleadh. Sa Fhrainc, laghdaigh cogaí sibhialta, eipidéimí, gortaí srl, an daonra go suntasach.

D’uireasa gabháltas san Eoraip, fágadh na Sasanaigh leis an tuiscint gur náisiún oileánda iad, tuiscint a chuaigh i bhfeidhm go mór orthu sna blianta a bhí le teacht , le níos mó ná 500 bliain.

Bunús na coimhlinte[athraigh | edit source]

Is féidir bunchúiseanna na coimhlinte a aimsiú san ghéarchéim déimeagrafach, eacnamaíocht agus sóisialta sa 14ú haois san Eoraip. Spreag an t-ardú teannais idir Ríthe na Fraince agus Sasana faoi Guyenne, Flanders agus Albain briseadh amach an chogaidh. Ba í an cheist ríoraíoch, a tháinig chun cinn de bharr briseadh an líne chomharbais dhíreach Chapetach, an chúis oifigiúil.

Suaitheadh ríoraíoch sa Fhrainc: 1314-1328[athraigh | edit source]

Ardaíodh an cheist maidir le comharbas baineann chuig ríchathaoir na Fraince tar éis bhás Louis X sa bhliain 1316. Níor fhág Louis X ach iníon ina dhiaidh, agus níor mhair a mhac iarbháis ach cúpla lá. Mhaigh Pilip, Cunta Phoitiers, deartháir Louis X, "Nach féidir le mná teacht i gcomharbas ríchathaoir na Fraince". De bharr a chríonnacht pholaitiúil, bhí sé in ann an lámh in uachtar a fháil ar a namhaid agus ríchathaoir na Fraince a bhaint amach mar Pilip V na Fraince (Fraincis: Philippe le Long). De réir an dlí céanna a bhí curtha i gcrích aige, séanadh an comharbas dul chuig a chuid iníonacha, agus fuair a dheartháir níos óige, Séarlas IV é, sa bhliain 1322.

Fuair Séarlas IV bás sa bhliain 1328, ag fágáil iníon agus bean chéile ag iompar clainne. Má bhí an leanbh sa bhroinn ina fhireann, bheadh ​​sé ina rí; murab é sin, d'fág Séarlas rogha a chomharba do na huaisle.

De réir gaol gairid na fola, ba é an fear coibhneasta is gaire do Séarlas IV ná a nia Éadbhard III Shasana. Mac Isabella deirfiúr iar-rí na Fraince ab ea Éadbhard, ach d'éirigh an cheist an raibh sí in ann ceart chun oidhreachta a tharchur nach raibh aici féin. Ina theannta sin, bhí doicheall roimh riail na Sasanach ag uaisle na Fraince. Ag tionóil na mbarún agus na bpréalád Francach agus ag Ollscoil Pháras socraíodh gur chóir fir a bhain a gceart oidhreachta tríd a máthair a eisiamh. Dá bhrí sin, cinneadh ar Philib, Cunta de Valois, col ceathrar Shéarlais IV, a ba chóir bheith ina rí, mar Philip VI Fraincis: Charles IV). Sa bhliain 1340 dhearbhaigh an phápacht ag Avignon, nár chóir faoi dhlí Saileach, fir a bheith in ann oidhreacht a bhaint amach tríd a gcuid máithreacha.