Risteard I Shasana
Risteard I | |
---|---|
Rí Shasana, Tiarna na hÉireann agus Diúc na Normainne | |
Pictiúr de Risteard Leonchroí i gcoidéacs ón 12ú haois | |
Réimeas | 6 Iúil, 1189 – 6 Aibreán, 1199 |
Dáta breithe | 8 Meán Fómhair 1157 |
Áit bhreithe | Pálás Beaumont, Oxford |
Dáta báis | 6 Aibreán 1199 |
Áit bháis | Châlus, Limousin |
Réamhtheachtaí | Anraí II |
Comharba | Eoin |
Rítheaghlach | Plantagenet |
Céile | Berengaria Navarre |
Bhí Risteard I nó Risteard Leonchroí (8 Meán Fómhair 1157 – 6 Aibreán 1199) mar ab fhearr aithne air, ina rí ar Shasana agus ina cheannaire ar an Impireacht Ainsivíneach ó 6 Iúil 1189 go lá a bháis. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Anraí II. Bhí cáil na calmachta air, agus chaith sé tamall fada ag troid sna Crosáidí.
Bás[athraigh | athraigh vicithéacs]
Fuair Risteard bás agus é ag cur caisleáin faoi léigear, gar do Limoges sa Fhrainc. Buaileadh le saighead crosbhogha é idir a mhuineál agus a ghualainn chlé agus tháinig morgadh ar an gcneá.
Sula bhfuair sé bás, d'iarr sé ar a oifigigh gan an fear a scaoil an tsaighead a chrochadh nuair a bheadh deireadh leis an léigear, toisc go raibh meas aige ar urchar an fhir ar éirigh leis an rí a bhualadh. Cé gur comhlíonadh mian Risteaird nach gcrochfaí an saighdeoir a bhí i gceist, níor éirigh leis an bhfear féin teacht slán agus maraíodh é trí fheannadh i ndeireadh na dála.
Comharbacht[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tháinig deartháir níos óige leis, Eoin I, i gcomharbacht air.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |