An Tríú Crosáid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Triú Crosáid
Na Crosáidí
[[Image:Siege of Acre.jpg Ba é Léagar Acre an chéad iomarbhá mhór den Tríú Crosáid.|300px|An Triú Crosáid]]

Léagar Acre (1189-1191). Ba é an chéad choimhlint mhór den Tríú Crusade

Dáta: 1189–1192
Áit: Den chuid is mó san Leiveaint agus san Anatóil
Toradh: Conradh Jaffa
Céilí comhraic
Ríocht Shasana
(Impireacht na nAinsivíneach)
Ríocht na Fraince
Impireacht Naofa Rómhánach
Ríocht Iarúsailéim
Ríocht na Cilice

Ríocht na hUngáire
Poblacht Ghenova
Poblacht Phisa
Contae Thripilí
Prionsacht Aintíoch
Oird Míleata:
*Na Teamplóirí,* Na Spidiléirí,* Na Ridirí Teotanach. Mion-Oird:

  • Ordú an Tuamana Naomha,
  • Ordú Naoimh Lazarais,
  • Ridirí Naoimh Thomáis
Sabhdánacht Ayyubid
Sabhdánacht Rûm

An Stáit Nizari Ismaili


Céilí comhraic Chríostaí:

Ceannasaithe
{{{ceannasaí1}}} {{{ceannasaí2}}}
Slua
{{{líon_comhraic1}}} {{{líon_comhraic2}}}
Taismigh
{{{taismigh1}}} {{{taismigh2}}}

|líon_comhraic1=~ 40,000-50,000 |líon_comhraic2=Anaithnid |}}

Léigear Acre

Is í an Tríú Crosáid (1189-1192), ar a dtugtar Crosáid na Ríthe, ná iarracht a rinne ceannairí Eorpacha an Talamh Naofa a athghabháil ó na Turcaigh faoi cheannas Saladin (Ṣalāḥ ad-Dīn Yūsuf ibn Ayyūb). Bhí rath ar an bhfeachtas, den chuid is mó, maidir le cathair thábhachtach a gabhadh. Ghabhadh Acre sa bhliain 1189 agus lean na Crosáidirí ar aghaidh agus i ndiaidh bhua gar d’Arsuf ghabhadar Jaffa. Bhí an chuid is mó de ghabhálacha Shaladin aisiompaithe achu, ach theip orthu Iarúsailéim a ghabháil, príomhchuspóir mothúchánach agus spioradálta na Crosáide.

Tar éis gur theip ar an Dara Crosáid, bhí smacht ag an ríshliocht Zengid ar an tSiria aontaithe agus bhí siad i mbun coimhlinte le rialtóirí Fatimid na hÉigipte. Le himeacht aimsire, bhí na Turcaigh ag cur le chéile níos fearr ná mar a bhídís i dtosach, agus níorbh fhada go dtáinig fear i dtreise ina measg a dhlúthaigh go daingean le chéile iad. Saladin b'ainm don fhear sin. Do bhain sé ard-cheannas na hÉigipte amach, agus thug se tuaisceart na Siria faoi na smacht, agus ansin chinn sé ar Ríocht Iarúsailéim do ghabháil. Do bhuaidh sé glan ar na Críostaithe i gcath mór a tugadh ag Hattin, láimh le Muir na Gailíle, i mí Iúil, 1187 A.D. dhá mhí ina dhiaidh sin.

Nuair a tháinigh scéala faoi sin abhaile go dtí an Eoraip, d'fhóagair an Pápa an tríú crosáid. Ar dtús, bhí na trí ríthe ba chumhachtaí san Eoraip páirteach san gcrosáid sin- Feardorcha I na Gearmáine, Pilib Augustus, rí na Fraince, agus Risteard Leonchroí Ní raibh Freardorcha I i bhfad san Áise Bheag, gur bathadh é san abhainn Saleph, in aice le Caisleán Silifke. D'fhill cuid mhaith dá saighdiúirí ar an Ghearmáin ansin. Do chuidigh Pilib agus Risteard le na chéile gur ghabhadar Acre. Ach níor mhair an c áirdeas idir an dá rí i bhfad, agus i gcionn tamaill do thréig Pilib an chrosáid agus d'fhill sé abhaile. Do choinnigh Risteard an cogadh ar siúl ar feadh breis agus bliain ina dhiaidh sin., agus throid sé féin chomh calma sin gach am gur tugadh 'Richard Cœur de Lion' air. Ar an 2 Meán Fómhair 1192, chríochnaigh Richard agus Saladin conradh a thug ceannas iomlán ag na Moslamaigh thar Iarúsailéim, Freisin, rinne sé socrú le Saladin go ligfí na Críostaithe, ar oilithrigh agus ceannaithe neamh-armtha iad, cuairt a thabhairt ar chathair Iarúsailéim gan táillí ná cáin d'íoch. D'fhág Risteard an Talamh Naofa ar an 9 Deireadh Fómhair. A bhuí le an rath Triú Chrosáid ligeadh do na Crosáidithe stáit mhóra a choimeád sa Chipir agus ar chósta na Siria. Ach mar sin, toisc nár ghabhadh Iarúsailéim thar nais ó Shaladin an turas sin, bheadh iarmhairt tubaisteach ann, sé sin An Ceathrú Crosáid |an Cheathrú Crosáid]] a chur ar bun.


| ceannasaí1 = Na Crosáidirí:

  • Risteard I Shasana
  • Pilib II, Rí na Fraince
  • Hugues III, Diúc na Burgúinede †
  • Thibaut V de Blois †
  • Henri II de Champagne
  • Guy de Lusignan

| ceannasaí2 =Ríshliocht Ayyubid