Crosáidí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cogaí naofa de chuid na Meánaoise a bhí i gceist leis na Crosáidí. Ba Chaitlicigh as iarthar na hEorpa iad formhór na gCrosáidí (go mór mhór ón bhFrainc agus on Impireacht Naofa Rómhánach), ach bhí baill den Eaglais Cheartchreidmheach páirteach ann freisin. Ba iad Muslamaigh an Mheáin-Oirthear an príomhfhreasúra, cé gur troideadh crosáidí i gcoinne fhórsaí eile chomh maith, mar shampla Cearchreidmhigh, eiricigh, págánaigh agus Giúdaigh. Mhair ré na gCrosáidí sa Talamh Naofa ó 1095 go 1291. Fearadh crosáidi eile sa Spáinn agus in oirthear na hEorpa fiú sa 15ú céad.

Bhí oidhreacht na gCrosáidí an-tábhachtach ó thaobh na polaítíochta, na heacnamaíochta agus an tsochaí de, agus tá tionchar na gCrosáidí fós ann. Bhí tionchar mór acu ar stair an Mheáin-Oirthir agus thar na blianta thug na crosáidirí cineálacha nua bia agus éadaigh ar ais leo chun na hEorpa, mar shampla rís, torthaí, rugaí, taipéisí agus spíosraí.

Stair[athraigh | edit source]

Cúlra[athraigh | edit source]

Bhí se de nós ag Críostaithe dul ar oilithreacht chuig an Talamh Naofa. Bhí sé faoi smacht na Rómhánach in aimsir Chríost ach ghabh na hArabaigh é ina dhiadh sin, agus ón mbliain 1070 ar aghaidh bhí siad faoi smacht na dTurcach. Bhí scéalta uafáis ann san Eoraip faoi chruálacht na dTurcach: dar leis na scéalta, robáladh cuid mhór Críostaithe, buaileadh go holc iad agus maraíodh cuid díobh, fiú.

D’iarr an Pápa Urbánas II ar phobal na Críostaíochta san Eoraip dul go dtí an Meán-Oirthear chun cabhrú leis na Biosántaigh i gcoinne na Muslamach, agus chun an Talamh Naofa a athghabháil. Tháinig na sluaite as gach aird ar iarratas seo an Phápa. Crosáidí a thugtar ar na cogaí toisc go mbíodh cros dhearg ar a mbrollach agus ar a gcuid bratacha.

Chaitheadh na ridirí crosáide cathéide throm agus d'úsáideadh sé claíomh agus lansa. Is mall a ghluaiseadh airm na gCrosáidithe. Chuireadh an teas fiánta agus an chathéide throm isteach go mór orthu. Is iomaí sos a bhíodh de dhíth ar na fir agus na capaill. Thóg prionsaí agus ridirí caisleáin agus bhunaigh ríochta sna críocha a bhfuaireadar seilbh orthu. Ar son an chreidimh a fearadh na Crosáidí ach. le fírinne, eachtraíocht agus creachadh na príomhchuspóirí a bhí ag go leor crosáídirí.

An Chéad Chrosáid 1095–1099[athraigh | edit source]

Fuair na Crosáidirí seilbh ar Nicaea ar an 19 Meitheamh 1097..[1] Ghluaiseadar trí Anatolia. Cuireadh tús le léigear Antioch i mí Dheireadh Fómhair 1097 agus gabhadh an chathair faoi dheireadh i mí an Mheitheamh 1098. D’ionsaigh arm Muslamach faoi cheannas Kerbogha Antioch láithreach, ach buaileadh iad ar an 28 Meitheamh. Thug na crosáidirí aghadh ar Iarúsailéim agus bhaineadar a gceann scribe amach faoi dheireadh ar an 7 Meitheamh 1099..[2] Buaileadh Giúdaigh agus Muslamaigh na cathrach agus gabhadh Iarúsailéim ar an 15 Iúil 1099. Maraíodh na Giúdaigh agus Muslamaigh go léir.[3] Chruthaigh na crosáidirí stáit nua sna críocha nua, mar shampla Ríocht Iarúsailéim. Sa bhliain 1101, rug Turcaigh faoi cheannas Kilij Arslan an bua leo i gcoinne airm eile i dtrí chath. [4]

An Frith-Ghiúdachas[athraigh | edit source]

D'athbheoigh an Eaglais miotais i dtaobh na nGiúdach i dtréimhse na gCrosáidí. Chuir bolscairí na linne tuilleadh leis na seanmhiotais, fiú, nó ba sa 12ú haois a cuireadh i leith na nGiúdach an chéad uair go raibh siad ag marú páistí Críostaí ina gcuid searmanas nó ag nimhiú na dtoibreacha. Dúradh gurbh é an Diabhal a bhí ina Dhia acu agus go raibh an Diabhal in ann cumhachtaí neamhshaolta draíochta a bhronnadh orthu. Maidir leis an gcomhcheilg dhomhanda, bhí saol réasúnta sábháilte ag na Giúdaigh sa Spáinn Mhoslamach san am seo, agus chreid a lán go raibh comhairle rúnda raibithe ag obair sa tír sin le cogadh draíochta a chur ar na Críostaithe. Sa bhliain 1095 a cuireadh tús leis an Chéad Chrosáid agus sa dara leath de na 1090í d’ionsaigh “crosáidirí” Giúdaigh sa Fhrainc, sa Ghearmáín agus in oirthear na hEorpa, in ainneoin tola na n-easpag.

Bhí cuid mhór easpag ag iarraidh an tseafóid seo a chosc agus a chur faoi chois, ach má bhí féin, ba mhinic a bhí sagairt breá sásta smaointí den chineál seo a chraobhscaoileadh, agus sa deireadh, chuaigh siad i bhfairsinge i measc na bhfíréan. Bhí sé de chlaonadh sna Giúdaigh gan an iomarca caidrimh a bheith acu le lucht na gcreideamh eile, nó chaithfeadh an Giúdach dílis aird a thabhairt ar na geasa éagsúla a bhaineann lena chreideamh féin (na rialacha i leith an chineál bia is féidir leis a ithe, mar shampla). Mar sin, ní raibh mórán eolais ag na Críostaithe ar shaol na nGiúdach pé scéal é, ná aithne acu ar Ghiúdaigh indibhidiúla. Bhí siad ábalta a rogha rud a chreidiúint faoi chine chomh seachantach sin, rud a thug spreagadh do chailleacha an uafáis. Nuair a thosaigh na Críostaithe ag ionsaí agus ag géarleanúint na nGiúdach, ní raibh siad siúd in ann a dhath eile a dhéanamh ach éirí ní ba seachantaí sin, agus bhain na Críostaithe a gcuid conclúidí as sin. Fáinne fí a bhí ann.

An Dara Crosáíd 1147–1149[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1144 d’éirigh le taoiseach Muslamach, Imad al-Din Zangi, Edessa a athghabháil. Ina dhiaidh sin, cuireadh tús leis an Dara Crosáid. Níor éirigh go maith leis sa Talamh Naofa agus in oirthear na hEorpa, ach gabhadh cathair Liospóin sa bhliain 1147, agus Tortosa na Spáinne sa bhliain 1148. [5]

An Tríú Crosáid 1187–1192[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1187 rug Saladin, Sabhdán na hÉigipte, an bua leis i gcath Hattin agus fuair sé seilbh ar Iarúsailéim. Cuireadh tús le crosáid nua. Gabhadh Acre sa bhliain 1189. Lean na Crosáidirí ar aghaidh agus i ndiaidh bhua gar d’Arsuf ghabhadar Jaffa.

An Ceathrú Crosáid 1202–1204[athraigh | edit source]

Sa Cheathrú Crosáid, d'éirigh aighneas idir na Crosáidí agus Críostaithe na hImpireachtaí Biosántaí, agus ghabhadar Cathair Chonsaintín.

Crosáid i gcoinne na gCatárach[athraigh | edit source]

Cuireadh tús le crosáid i gcoinne Chatáraigh eiriciúla i Languedoc sa bhliain 1209. Bhí na Francaigh ag iarraidh smacht iomlán a fháil ar an réigiún chomh maith leis na hericigh a mharú, agus d’éirigh leo an dá cuspóir sin a bhaint amach sa deireadh.[6]

Crosáid na bPáistí[athraigh | edit source]

Deirtear go ndearna arm páistí iarracht tús a chur le crosáid sa bhliain 1212, ach ní léir an fíorscéal nó finscéal atá ann.

An Cúigiú Crosáid 1217–1221[athraigh | edit source]

Bhí an bua ag Al-Kamil, sabhdán na hÉigipte, sa chrosáid seo.

An Séú Crosáid 1228–1229[athraigh | edit source]

Ba é an Séú Crosáid an chéad cheann a fearadh in ainneoin tola an Phápa. [7] I ndiaidh an chonartha idir Al-Kamil agus an t-impire Feardorcha II sa bhliain 1229, tugadh Beithil, Nazarat agus an chuid is mó d’Iarúsailéim do na Criostaithe. Sa bhliain 1244, ghabh na Muslamaigh Iarúusaileim arís.

An Seachtú Crosáid 1248–1254, an tOchtú Crosáid 1270, an Naoú Crosáid 1271-1272[athraigh | edit source]

Rug fórsaí Muslamacha na Mamluk agus Hafsid an bua leo sna Seachtú, Ochtú agus Naoú Crosáid, agus ba é an Naoú Crosáid an ceann deireanach sa Mheán-Oirthear.[8] Ina dhiaidh sin ghabh na Muslamaigh cathracha deireanacha na gCrosáidirí: Antioch (1268), Tripoli (1289) agus Acre (1291).[9][10]

Sa Tuaisceart[athraigh | edit source]

An tOrd Teotanach[athraigh | edit source]

Ón 13ú haois go dtí an 16ú haois, fearadh crosáidi idir na Ridirí Teotanacha agus págánaigh agus Ceartchreidmhigh in oirthuaisceart na hEorpa.

San Fhionlainn[athraigh | edit source]

Fuair an tSualainn seilbh ar an Fhionlainn tar éis chogai sa Mheánaois agus uaireanta tugtar “crosáidí” ar na cogaí seo.

Crosáidí eile[athraigh | edit source]

Crosáid Aragón[athraigh | edit source]

Chuir an Pápa Máirtín IV tús le crosáid i gcoinne rí Aragón, Peadar III (Peadar Mór) sna blianta 1284 agus 1285.

Alexandrian Crusade[athraigh | edit source]

I mí Dheireadh Fómhair 1365 rinne Peadar I na Cipire ionsaí ar Chathair Alasdair.

Crosáid Mahdia[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1390, i gcoinne fhoghlaithe mara Muslamacha i dtuaisceart na hAfraice..

Sna Bálcáin[athraigh | edit source]

Sa chúigiú chéad, i gcoinnne na nOtamánach.

In aghaidh na Mongólach[athraigh | edit source]

IBuaileadh arm Liotúánach sa bhliain 1399.

I gcoinne lucht leanúna Hus[athraigh | edit source]

B’eiricigh iad lucht leanúna Jan Hus sa Bhóihéim, agus fearadh cogadh ina n-aghaidh ó 1420 go circa 1434.

Caisleáin na gCrosáidirí[athraigh | edit source]

An Chipir[athraigh | edit source]

• Kyrenia • St. Hilarion • Buffavento • Kantara • Larnaca • Limassol • Kolossi • Paphos • Famagusta

Iosrael[athraigh | edit source]

• Arsur, ar a dtugtar freisin Arsuf nó Apollonia • Belveer • Belvoir • Beth Gibelin • Bet Shean • Hurvat Burgata • Caesarea • Cafarlet, ar a dtugtar freisin HaBonim • Casal des Plains • Casal Imbert • Castellum Regis • Chateau Pelerin, ar a dtugtar freisin Atlit agus Pilgrim • Le Destroit • Latrun • Mirabel, ar a dtugtar freisin Migdal Tsedek • Montfort • Túr Dháibhí • Tzippori • Ateret • Yehiam

An Iordáin[athraigh | edit source]

• Kerak • Montreal • Vaux Moise

An Liobáin[athraigh | edit source]

• Beaufort • Toron • Byblos • Tripol

Siria[athraigh | edit source]

• Chastel Blanc • Krak des Chevaliers • Margat, ar a dtugtar freisin Marqab • Saladdin , ar a dtugtar freisin Saone • Tartous

an Tuirc[athraigh | edit source]

• Bagras • Yılankale (Caisleán na Nathracha) • Namrun Kalesi (Lampron) • Servantikar • Amouda • Ayasuluk , Selçuk

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Tyerman, Christopher: God's War: A New History of the Crusades, Allen Lane, 2006. pp. 106–124
  2. Tyerman, pp. 146–153
  3. Trumpbour, John. “Crusades.” In The Oxford Encyclopedia of the Islamic World. , edited by John L. Esposito. Oxford Islamic Studies Online, http://www.oxfordislamicstudies.com/article (accessed February 17, 2008).
  4. Contesting the Crusades By Norman Housley, pg. 42
  5. Villegas-Aristizábal, L. (2009), "Anglo-Norman involvement in the conquest of Tortosa and Settlement of Tortosa, 1148–1180", Crusades 8, pp. 63–129
  6. Crusades of the 13th century. Britannica Onlince Encyclopedia.
  7. {{cite web | last=Halsall | first=Paul | month=December | year=1997 | url=http://www.fordham.edu/halsall/source/1228frederick2.html | teideal=Philip de Novare: Les Gestes des Ciprois, The Crusade of Frederick II, 1228–29 | work=Medieval Sourcebook | publisher=Fordham University | accessdate=2008-02-08 } —"Gregory IX had in fact excommunicated Frederick before he left Sicily the second time"
  8. The Gospel in All Lands By Methodist Episcopal Church Missionary Society, Missionary Society, Methodist Episcopal Church, pg. 262
  9. Hetoum II (1289‑1297)
  10. "Third Crusade: Siege of Acre".