An tOrd Teotanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn tOrd Teotanach
(la) Ordo Sanctae Mariae Teutonicorum
(la) Ordo domus Sanctae Mariae Theutonicorum Ierosolimitanorum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósMuire Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálhospitaller order (en) Aistrigh
religious military order (en) Aistrigh (1192 (Féilire Ghréagóra)–1929) Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitLivonian Brothers of the Sword (en) Aistrigh (1327) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1190 (Féilire Ghréagóra)
Bunaitheoir(í)Heinrich Walpot von Bassenheim Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (1809–)
Úinéir de
Le cuid

Suíomh gréasáindeutscher-orden.at Cuir in eagar ar Wikidata

B'ord Míleata a bhí in Ord na mBráithre an Tí Gearmánach Naomh Muire in Iarúsailéim, nó An tOrd Gearmánach mar a bhí aithne orthu le linn a ré féin nó An tOrd Teotanach mar atá aithne orthu sa lá atá inniu ann. Bunaíodh An tOrd Teotanach sa bhliain 1190.

Bunú an oird[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús leis an ord sa Mheánoirthear le linn léigear Acra sa bhliain 1190, ag tús an tríú crosáide.[1] Tháinig meitheal crosáidithe meánaicmeach ón nGearmáin le chéile chun ord ospidéil a bhunú. Bhí an t-Ord Teotanach curtha ar bun, le beannacht ón Pápa Celestine III chun cúram ospidéal a chur ar fáil do shaighdiúirí agus oilithrigh Gearmánacha sa Tír Bheannaithe.[2] Bhí go leor ridirí i measc bráithre an Oird Teotanaigh. D’iarr siad ar an bPápa a bheith aitheanta mar Ord Míleata. Ghlac sé leis an iarratais agus thug sé cairt nua dóibh sa bhliain 1198.[3]

Struchtúr na heagraíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é An Máistir a bhí mar theideal ar cheannaire na heagraíochta ón tús. Bunaíodh craobhacha eile sa Ghearmáin, sa Phrúis agus sa Liovóin níos déanaí agus bhronn siad Máistir mar theideal ar cheannairí na gcraobhacha sin. Ghlaoigh siad an tArdmháistir ar ceannaire na Teotanaigh as sin amach. Bhí an tArdmháistir tofa ag baill an ardchraobh.[4] Bhí air oifigigh an oird a ainmniú. Bhí eochair an duine ag an tArdmháistir, ag ceannasaí fórsaí an oird sa Thír Bheannaithe agus ag an gCisteoir d’órchiste an oird.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 11
  2. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 11
  3. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 12
  4. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 16
  5. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 16