Crosáid na Malrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrosáid na Malrach
Íomhá
Cineálcogadh creidimh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCrosáidí Cuir in eagar ar Wikidata


Is é Crosáid na Malrach  an t-ainm a thugtar do Chrosáid na  gCríostaithe Eorpacha chun na Tíre Beannaith a aisghabháil ó na Moslamaigh, agus deirtear gur tharla sí sa bhliain 1212. D'fhág na malraigh (daoine óga) an limistéir Châteaudun i d'Tuaisceart na Fraince, faoi stiúir Stephen de Cloyes, agus an Ghearmáin, faoi stiúir an stócaigh Nicholas, aoire deich mbliana d'aois. Is dócha gur cuireadh leis an scéal traidisiúnta ó roinnt tuairimí fíorasacha agus miotaseacha den tréimhse, lena n-áirítear físeanna ó bhuachaill na Fraince agus ó bhuachaill na Gearmáine, go raibh sé mar rún acu Moslamaigh na Tíre Beannaith a iompú, go síochánta go dtí an Chríostaíocht, buíonta leanaí ag máirseáil go dtí an Iodáil, agus leanaí á ndíol i sclábhaíocht.

Caitheann staidéar a foilsíodh sa bhliain 1977[1] amhras faoi na himeachtaí seo, agus tháinig go leor staraithe ar an dtuairim nach raibh malraigh (nó nach leanaí iad go príomha) ann, ach buíonta iomadúla de "bhochtáin fhánacha" ón Ghearmáin agus ón Fhrainc, agus rinne cuid acu iarracht an Talamh Naofa a bhaint amach agus nach raibh sé i gceist ag an chuid eile acu sin a dhéanamh.

Tá luathleaganacha na n-imeachtaí, ar a bhfuil go leor athruithe iontu thar na céadta bliain, apacrafúil, den chuid is mó.

  1. Peter Raedts (1977-01-01). "The children's crusade of 1212". Journal of Medieval History 3 (4): 279–323. doi:10.1016/0304-4181(77)90026-4. ISSN 0304-4181.