Impireacht Ainsivíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaImpireacht Ainsivíneach
Royal Banner of England.svg Royal Arms of England.svg

Suíomh
Angevin Empire 1190.svg
Daonra
Teanga, nó leagan teanga Sean-Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú 1154 (Ghréagóra)
Díscaoileadh 1242
Á leanúint ag Ríocht na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata

Is téarma nua-aimseartha í an Impireacht Ainsivíneach, a bhaintear úsáid as le haghaidh cur síos a dhéanamh ar chnuasach na stát a bhí, uair amháin, faoi riail na nAinsivíneach, de chuid Ríshleachta Plantagenêt.

Rialaigh na Plantagenêt thar limistéar, a shín ó na Piréiní go hÉirinn, le linn an 12ú agus an luath 13ú haois, a bhí suite ó thuaidh ó na ríochtaí Navarre agus Aragon.

Shín an "Impireacht" seo, a chéadbhunaigh Anraí Plantagenet, cúnta d'Anjou agus mar Anraí II, Rí Shasana, thar tuairim is leath den Fhrainc mheánaoiseach, Sasana uilig, agus chuid d'Éirinn.

Mar sin féin, in ainneoin méid na rialach Phlantagenêt, fuair Pilip II na Fraince de Theach na Capet an lámh in uachtar ar a mhac Eoin, Rí Shasana, a d'fhág an Impireacht scoilte ina dhá chuid, tar éis gur chailleadh cúigí na Normainne agus Anjou. Réitigh an cliseadh seo, a d'fhág na Plantagenêt i gceannas ar chríocha i Sasana agus Gascony, an cúige Francach, an comhthéacs don Chogadh Saintonge agus don Chogadh Céad Bliain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]