Dlí Saileach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lámhscríbhinn an Dlí Saileach de Vandalgarius, sa bhliain 793.

Is éard is an Dlí Saileach (Laidin: Lex Salica) ann ná corpas de dhlí traidisiúnta na bhFranc Saileach a bhí códaithe le haghaidh rialú sna Meánaoiseanna le linn ré an Rí Clóbhis I sa 6ú haois. Cé go léiríonn an Dlí Saileach úsáid agus cleachtas an-ársa, seans gur tiomsaíodh an dlí ar dtús báire am éigin idir 507 agus 511.

Is é an dearbhphrionsabal is cáiliúla den dlí seo ná ceart céad-ghinteachta athairlíneach, an riail a chur cosc ar bhaineannach teacht i gcoróin nó i bhfíofa ó oidhreacht. Go deimhin, go minic, is téarma comhchiallach é an 'Dli Saileach' agus 'ceart céad-ghinteachta athairlíneach'. Ach síneann tábhacht an dlí Shailigh níos faide ná na rialacha oidhreachta, mar go bhfuil sinsearach réimdhíreach aige chuig an gcóras dlí in go leor áiteanna san Eoraip sa lá atá inniu .